Foirm chuardtha

Lúcás 1

1De bhrí de, go bhfuil tugtha faoi ag mórán, ag iarraidh stair a thiomsú ar ar tharla uile inár meascna, 2de réir na faisnéise a fuaireamar air ón drong úd a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl agus ina bhfreastalaithe boird don bhriathar, 3chonacthas domsa freisin, a bhfuil cuimse ama caite agam á ndlúthlorgaireacht, go mb'fhiú a scríobh síos i ndiaidh a chéile do bhur soilsese, a Théophilas, 4chun go ndéana sibh deimhin de na nithe úd a d'fhoghlaim sibh ó bhéalaithris.

5San am úd a raibh Iorua ina rí ar Iúdaea, bhí sagart ann a raibh Secaría mar ainm air, sagart d'aicme Abíá; agus ba de chlann iníonacha Áróin a bhanchéile arbh ainm di Elisabét. 6B'fhiréanta an lánúin iad i láthair Dé, agus dlíthe agus reachta Dé á gcoinneáil acu gan locht dá laghad orthu, 7ach ab é nach raibh leanbh acu, ó bhí Elisabét í féin aimrid, agus an bheirt acu anonn go maith i mblianta.

8Anois nuair a tháinig uain a aicmesean, agus nuair a bhí air dul i mbun a oibre mar shagart i láthair Dé 9mar ba dhual do shagart, thit sé ar a chrann dul isteach le túis a dhó i dteampall Dé. 10Agus slua uile na ndaoine ag guí amuigh san am ar ofráladh an túis. 11Agus fuair sé taispeáint d'aingeal leis an Tiarna, agus é ina sheasamh ar thaobh na láimhe deise d'altóir na túise. 12Agus bhí buaireamh ar Shecaría nuair a chonaic sé é, agus thit eagla air. 13Ach is é a dúirt an t‑aingeal leis, “Ná bíodh aon eagla ort, a Shecaría,” ar seisean, “mar tá éiste le d'urnaí, agus béarfaidh do bhean Elisabét mac duit, agus gairfidh tú Eoin de mar ainm.

14Agus is ort a bheidh an t‑áthas agus an lúcháir,

agus is iomaí duine lerb aoibhinn a bhreith;

15mar beidh sé ina fhear mór os comhair Dé,

agus ní ólfaidh sé fíon ná biotáille,

ach is amhlaidh líonfar den Spiorad Naomh é,

chomh luath agus a fhágfaidh sé broinn a mháthar.

16Agus is iomaí sin duine de chlann mhac Iosrael a thiontóidh sé chuig a dTiarna Dia,

17agus siúlfaidh sé roimhe agus sprid agus cumhacht Elía aige,

le croíthe na n‑aithreacha a chasadh chun a gclainne,

agus leis an dream easumhal a thabhairt chun eagna na bhfíréan,

le pobal toilteanach a ullmhú don Tiarna.”

18Ach is é a dúirt Secaría leis an aingeal, “Cad é mar a gheobhaidh mé fios air sin? Mar táim féin i mo sheanduine, agus tá mo bhean anonn go maith i mblianta.” 19Ach ba é freagra an aingil, “Is mise Gabriél, an té a bhíos ina sheasamh i láthair Dé; agus cuireadh uaidh mé le bheith ag caint leat, agus leis an scéal áthasach seo a insint duit. 20Agus féach anois, beidh tú i do bhalbhán gan cumas labhartha agat go dtí an lá sin ina dtiocfaidh sé sin uile i gcrích, ós rud é nár chreid tú do mo bhriathra, a bhéas le comhlíonadh nuair a thiocfas an t‑am.” 21Agus bhí na daoine uile ag fanacht le Secaría, agus iontas orthu faoin moill a bhí air istigh sa teampall. 22Agus nuair a tháinig sé amach, ní raibh sé in inmhe labhairt leo, agus ba léir dóibh go raibh sé i ndiaidh taispeáint a fheiceáil sa teampall; agus dhéanadh sé comharthaí leo agus é balbh i rith an ama. 23Agus nuair a bhí a sheal oibre críochnaithe aige, d'fhill sé ansin abhaile.

24Tamall de laethanta ina dhiaidh sin is ea ghabh a bhanchéile Elisabét ina broinn, agus chuaigh sí i bhfolach i rith cúig mhí, agus é le rá aici, 25“Is í sin obair Dé san am a raibh aird aige orm, ionas go mbeadh deireadh leis an achasán a bhíodh orm i súile na ndaoine.”

26Sa séú mí cuireadh an t‑aingeal Gabriél le teachtaireacht ó Dhia chuig cathair de Ghalailí ar tugadh Nasair uirthi, 27chuig ógh a raibh lámh is focal idir í agus fear de theaghlach Dháibhí arbh ainm dó Iósaf; agus is Muire an t‑ainm a bhí ar an ógh sin. 28Agus tháinig sé chuici agus dúirt sé léi, “Sé do bheatha, a bhean úd a bhfuil gnaoi ort, mar tá an Tiarna leat.” 29Ach is é rud, chuir an rá sin faoi imní mhór í, agus í ag smaoineamh ina hintinn cad é ba chiall do bheannacht den sórt sin. 30Agus dúirt an t‑aingeal léi, “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, mar tá gnaoi ag Dia duit. 31Agus féach, gabhfaidh tú i do bhroinn agus beidh mac agat, agus gairfidh tú Íosa d'ainm air.

32Ba mhór é, agus tabharfar Mac an Té is Airde air; agus bronnfaidh an Tiarna Dia ríchathaoir a athar Dáibhí air,

33agus beidh sé ina rí os cionn theaghlach Iácóib go deo; agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”

34Ach dúirt Muire leis an aingeal, “Cad é an chaoi a mbeidh sin amhlaidh, ó nach bhfuil fear agam?” 35Agus dúirt an t‑aingeal léi,

“Tiocfaidh an Spiorad Naomh ort,

agus glacfaidh cumhacht an Té is Airde faoina scáth thú;

agus dá bhrí sin gairfear leanbh naofa den leanbh atá le teacht ar an saol,

is ea, gairfear Mac Dé de.

36Agus féach, tá mac gafa ina broinn ag do bhean mhuinteartha, ag Elisabét, freisin, ina seanaois; agus sin an séú mí don bhean sin ar tugadh bean aimrid uirthi. 37Mar níl ní nach féidir le Dia a dhéanamh.” 38Agus is é a dúirt Muire, “Féach, is mise cumhal Dé; go ndéantar liom de réir do bhriathair fúm.” Agus d'fhág an t‑aingeal ansin í.

39Ba sna laethanta úd a d'éirigh Muire faoi dheifir le dul sa cheantar sléibhteach, go cathair de chathracha Iúdaea, 40agus chuaigh sí go dtí teach Shecaría gur bheannaigh sí d'Elisabét. 41Agus chomh luath agus chuala Elisabét beannacht Mhuire, léim an leanbh ina broinn; agus líonadh Elisabét den Spiorad Naomh, 42agus scairt sí amach in ard a cinn is a gutha, “Is beannaithe tú i measc na mban, agus is beannaithe é toradh do bhroinne! 43Agus cad chuige ar deonadh dom go dtiocfadh máthair mo Thiarna chugam? 44Mar féach, ní luaithe glór do bheannachta i mo chluasa, ná léim an leanbh i mo bhroinn le tréan lúcháire. 45Agus is beannaithe an bhean úd a chreid go gcomhlíonfaí an ní a insíodh di i dteachtaireacht ó Dhia.”

46Ach is é a dúirt Muire,

“Bíonn m'anam ag móradh an Tiarna,

47agus is ábhar áthas m'anama é Dia mo Shlánaitheoir,

48ó nárbh bheag leis úirísleacht a chumhaile.

Mar féach, ní thiocfaidh glún feasta nach ngairfidh beannaithe díom;

49mar gheall ar na nithe móra atá déanta dom ag an té a mbíonn an chumhacht aige.

50Agus bíonn trócaire aige ar an dream a mbíonn eagla orthu roimhe

ó ghlún go glún.

51Thaispeáin sé an neart atá ina ghéag.

Scaip sé an dream a mbíonn an t‑uabhar i smaointe a gcroíthe.

52Chaith sé na cumhachtaí amach as a ríchathaoireacha, agus d'ardaigh sé i gcéim an dream uiríseal.

53Líon sé lucht an ocrais le maitheasaí, agus chuir sé uaidh lucht an tsaibhris agus iad folamh.

54Chuir sé tarrtháil ar a sheirbhíseach Iosrael,

agus é ag cuimhneamh ar a thrócaire,

55de réir mar a bhí ráite aige lenár sinsear romhainn, le hAbracham agus lena shliocht go deo.”

56Agus d'fhan Muire tuairim agus trí mhí aici, agus d'fhill sí ansin abhaile.

57Ach tháinig am a tuismithe ar Elisabét, agus thug sí a mac ar an saol. 58Agus chuala a comharsana agus a daoine muinteartha faoin mórthrócaire a rinne Dia uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi. 59Agus thángthas an t‑ochtú lá a thimpeallghearradh an linbh; agus bhíothas ar tí ainm a athar Secaría a thabhairt air. 60Ach ba é a dúirt a mháthair, “Ní mar sin, ach gairfear Eoin de.” 61Agus dúirt siad léi, “Ainm cúl le cine é sin.” 62Agus b'shiúd iad ag déanamh comharthaí leis an athair, ag fiafraí de-sean cad é an t‑ainm ab fhearr leis air. 63Agus d'iarr sé táibhléad scríofa, gur scríobh, “Eoin is ea an t‑ainm atá air.” Agus b'iontach leo uile é. 64Agus scaoileadh a theanga ar an toirt, agus labhair sé á altú do Dhia. 65Agus thit an eagla ar a gcomharsana uile go léir. Agus bhítí ag caint faoi na nithe sin ar fud cheantar sléibhteach Iúdaea; 66agus níl duine dár chuala nach dtaisceadh ina chroí iad, agus nach ndeireadh, “Cad é a bhéas sa leanbh seo nuair a thiocfas ann dó?” Mar bhí lámh an Tiarna ag neartú leis.

67Agus líonadh a athair Secaría leis an Spiorad Naomh go dtí go ndearna sé tairngreacht, agus is é a dúirt sé,

68“Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael,

ó is é a thug cuairt ar a mhuintir agus a d'fhuascail iad.

69Tá crann na sláinte síoraí in airde aige

i dteaghlach a sheirbhísigh Dáibhí,

70de réir mar bhí ráite aige trí bhéal a naomhfháithe ó fadó,

71go mbeimis dár saoradh ónár naimhde, agus ó lucht ár bhfuatha;

72ionas go gcuirtí i ngníomh an trócaire a gealladh dár sinsear,

agus go gcuimhneofaí ar a chúnant naofa.

73An mhóid a bhí mionnaithe aige dár n‑athair Abracham 74go ndeonfadh sé dúinn

bheith dár saoradh as lámha ár naimhde,

le seirbhís neamheaglach a dhéanamh dó,

75le bheith go naofa fíréan ina láthair i rith laethanta ár mbeatha.

76Agus is díot, a linbh úd, a ghairfear fáidh an Té is Airde;

ós tú a rachas amach roimh an Tiarna lena shlite a dhéanamh réidh roimhe.

77Le heolas an tslánaithe a thabhairt dá mhuintir, trí mhaithiúnas a bpeacaí,

78trí mhíne thrócaire ár nDé-ne

san lá úd a thiocfas solas geal na maidine orainn ó ard na bhflaitheas,

79ag tabhairt solais don dream atá ina suí faoin dorchadas agus faoi scáil an bháis,

agus ag seoladh ár gcos go slí na síochána.”

80Agus d'fhás an leanbh aníos ina fhear a raibh sprid láidir thréan ann, agus bhíodh sé san fhásach go lá a thaispeánta d'losrael.

Ó Cuinn Tiomna Nua 1970

Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise

Copyright 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise

More Info | Version Index