Foirm chuardtha

Matha int

NA SOISCÉIL

Brollach

Gné nua ar leith liteartha is ea soiscéal. Níl a leithéid ar fáil lasmuigh den Tiomna Nua. Cráifeacht Chríostaí a spreag na saobhsoiscéil; is déanaí iad ná na soiscéil féin agus níl iontu ach lagaithris orthu. Is cumasc de thuairisc agus d'aitheasc iad na soiscéil agus, mar lárphointe acu, tá pearsa saol agus teagasc Íosa ó Nazarat agus tá beim ar leith ar a bhás agus ar a aiséirí. Íosa féin croí agus lár an scéil; eisean a thugann brí dó go léir; tá an t‑aiséirí mar lóchrann ag soilsiú an iomláin. Is doiciméid staire agus creidimh le chéile iad na soiscéil agus níor chóir go mbeadh aon deighilt idir “imeacht” agus “ciallú”. Má tá brí agus feidhm le bheith ag “imeacht”, ag rud a tharla, tá gá lena “chiallú”. An bhrí agus an tábhacht a bhí le rud a tharla, le himeacht, i súile na ndaoine dár tharla sé, nó a bhí i láthair lena linn, déantar cuid den imeacht díobh, déantar stair díobh. Chuir na soiscéalaithe na “fíricí” i láthair, agus é ar intinn acu an bhrí a bhí leo, dóibh seo dár tharla siad, a shoiléiriú. Chuir siad rompu friotal a chur ar chreideamh na hEaglaise moiche.

Insíonn Eoin le barr soiléire cad a chuireann soiscéalaí roimhe a dhéanamh. Ní hé atá uaidh tuairisc a thabhairt ar bheatha agus ar ré Íosa ó Nazarat. Thug sé cur síos ar a rogha de na “comharthaí” de chuid Íosa d'fhonn go leanfadh an deisceabal Críostaí go dílis dá chreideamh gurb é Íosa na staire an Meisias lena raibh Giúdaigh ag súil, gurb é Mac Dé é. Scríobh sé d'fhonn go gcreidfeadh na Críostaithe in Íosa, agus go bhfaighidís an bheatha in Íosa trína gcreideamh ann (cf. Eoin 20:31). Ní doiciméad le caomhnú i gcartlann é soiscéal ach an dea-scéal a fhógairt don Chríostaí. Pléann na soiscéil le bearta agus le briathra Íosa ó Nazarat, ach scríobhadh iad ar mhaithe le cuallachtaí Críostaí a bhí ag iarraidh na beatha Críostaí a chaitheamh, agus siúl “de réir na slí”.

Scríobhadh an soiscéal do chreidmhigh: is doiciméad Críostaí é, le léamh ag Críostaithe. Is féidir a bheith níos cruinne agus a rá gur scríobhadh gach soiscéal do chuallacht ar leith Críostaithe sa chéad áit, agus go raibh aird ar leith ar riachtanais na cuallachta sin. Ach scríobhadh na soiscéil faoi inspioráid an Spioraid Naoimh, agus labhraíonn siad go soilbhir de dhroim na nglún le cuallachtaí Críostaí de gach aois.

Matha

Timpeall na tréimhse 80-90 A.D. rinne Críostaí léannta, ó Aintíoch is dócha, dhá dhoiciméad thábhachtacha de chuid a Eaglaise a athscríobh, a dhlúthú agus a aontú in aon téacs amháin; b'iad na doiciméid a bhí i gceist ná Soiscéal Mharcais agus cnuasach de ráitis de chuid Íosa ar a dtugann scoláirí “Q”. Bhí gá lena leithéid de shaothar mar go raibh géarchéim in Eaglais an údair. Ba chuallacht aontaithe Ghiúdach í ar dtús agus bhí sé dian uirthi scaradh leis an tsionagóg, rud a tharla nuair a thuig údaráis na nGiúdach nárbh aicme dá gcuid féin an Chríostaíocht ach creideamh nua ar fad; ansin bhrúcht na Gintlithe isteach san Eaglais úr. Bhí malairt cúinsí na cuallachta Críostaí ag éileamh go ndéanfaí an traidisiún ársa a athchiallú, go bhféachfaí ar shlí eile ar Chríost agus ar a Eaglais, ar an Sean-Tiomna, ar leanúint Chríost agus ar an moráltacht.

Stair an tSlánaithe

D'fhonn sintéis nua a chur i gcrích roinn an t‑údar stair an tslánaithe ina thrí thréimhse: “na fáithe go léir agus an dlí” síos go dtí Eoin Baiste (Mth. 11:13); mineastrálacht phoiblí Íosa laistigh de thír Iosrael (10:56; 15:24); an misean chun na náisiún uile, misean ab fhéidir a fheidhmiú de thoradh bhás agus aiséirí ár dTiarna (27:51-54; 28:2-3; 28:16-20). Taispeánann cúrsa seo stair an tslánaithe nach é an Giúdachas ach an Eaglais pobal Dé dáiríre, mar gur pobal í an Eaglais a bhunaigh agus a dhlúthaigh Mac Dé féin, Íosa Críost, an té a chomhlíon an dlí agus na fáithe. Réitigh an t‑údar an fhadhb dhiagachta le patrún leathan leanúnachais d'ainneoin snagadh ann istigh.

Struchtúr

Tá struchtúr cinnte ag Matha cc. 3-25, mineastrálacht phoiblí Chríost; tá cúig roinn ann, tuairisc agus aitheasc i ngach roinn. Tá réamhrá gairid le gach aitheasc (5:1-2; 10:1-5; 13:1-3; 18:1-2; 24:1-3) agus dúntar iad le foirmle sheanbhunaithe (7:28; 11:1; 13:53; 19:1; 26:1). Is iad na haithisc inneach an tsoiscéil – an tSeanmóir ar an Sliabh (cc. 5-7); an t‑aitheasc miseanta (c. 10); na parabail (c. 13); an t‑aitheasc ar shaol na hEaglaise (c. 18); agus an cur síos ar na críocha deireanacha (cc. 24-25). Ní codanna gan aontas na cúig mhór-ranna seo de Mhatha; tá siad fite go dlúth ar a chéile. Sna tuairiscí feicimid imeachtaí ag gluaiseacht ar aghaidh; sna haithisc feicimid fás agus forbairt faoin gcoincheap meisiasach de ríocht na bhflaitheas. Sé an Bás-agus-Aiséirí (cc. 26-28) an buaicphointe ach tá an naíonsceal (cc. 1-2) mar réamhfhógra dó sin.

Cúlra Mhatha

Tá spéis ar leith ag Matha i bhfeidhm agus i gcinniúint Iosrael sa stair. Braitheann sé leis go bhfuil aon phobal amháin ar leith Dé sa dá thiomna; an pobal sin an fíor-Iosrael. Feidhmíonn Dia a thiarnas go slánaitheach agus go buan sa dá thiomna. Níor chóir do dhuine labhairt dá bhrí sin ar “shean-Iosrael” agus ar “Iosrael nua”, ach ar phobal fíor agus ar phobal bréige. Nochtann Matha gné de seo ag cur síos ar Iosrael faoi bhreithiúnas. Tá sé an-soiléir i bparabal an Fhíonghoirt agus na gCuradóirí Mallaithe (21:33-43), mar a dtugtar rabhadh go dtabharfar an ríocht do phobal eile Dé, do chuallacht nua mheisiasach in áit na nGiúdach gan chreideamh.

Ina thuairisc ar an bpáis leagann Matha béim ar fhreagracht aontaithe Ghiúdaigh Iarúsailéim i séanadh Íosa. Sé pobal an tSean-Tiomna amháin atá freagrach i mbás Íosa; in 27:25, mar bhuaicphointe, glacann siad leis an bhfreagracht sin – “go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann”. Tá codarsnacht ghlé anseo – na Giúdaigh ag éileamh Íosa a chur chun báis, agus na Gintlithe ag dearbhú a neamhchiontachta. Ní pobal Dé (ho laos theou) iad na Giúdaigh a thuilleadh, ach treibh daoine – Ioudaioi. Is mór idir iad agus na saighdiúirí Rómhánacha a admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé (27:54). Meisias Iosrael, is é Meisias na bpágánach é feasta. Íosa a aithint mar Mheisias, sin é tabhartas na ríochta, dar le Matha. Tá ballraíocht na cuallachta, ballraíocht an phobail, ag brath ar an bhfreagra a thugtar air.

Gaolmhar le fráma ginearálta chúlra Mhatha tá an cheist faoin dá dhearcadh chontrártha faoi scóp mhisean Íosa. Tá dhá théacs atá ag Matha amháin (10:5-6; 15:24) a dhéanann an misean a theorannú d'Iosrael ach is léir gurb é 28:19 an t‑ordú mór miseanta a bhfuil na náisiúin uile mar sprioc aige. Is iomaí slí a mhínítear an t‑aimhréiteach. B'fhéidir go bhfuil macalla anseo den traidisiún luath Críostaí gur de bharr a dteacht go Síón mar oilithrigh a ghlacfaí leis na náisiúin agus nach de thoradh misin chucu. Nó d'fhéadfaí glacadh le 28:19-20 mar fhorbairt ar 10:5 (seoladh na ndeisceabal) de bharr bás agus aiséirí Íosa. Rachaidh Íosa féin anois chuig na náisiúin i bpearsa a theachtairí agus tabharfaidh sé an ríocht chucu. Ar an tslí sin déantar cuid den Parousia, ar chuir a bhás agus a aiséirí tús leis, den mhisean uilíoch. Rinne Íosa a mhisean a theorannú laistigh den chuallacht Iosraelach lena bheo féin agus a fhios aige go ndéanfadh gníomh cumhachtach Dé féin na Gintlithe a sheoladh isteach sa ríocht. Nuair a thugann sé an t‑ordú “déanaigí deisceabail de na náisiúin uile” (28:19), is léir nach bhfuil a ghrásta slánaitheach á theorannú ag Dia laistigh d'Iosrael, ach go bhfuil a thrócaire á dáileadh aige ar dhomhan mór na nGintlithe.

Uilíocht

Taispeánann struchtúr an tsoiscéil, dá bhrí sin, go raibh sé ar aigne ag an údar an teideal “Mac Abrahám” a tugadh d'Íosa sna chéad fhocail (1:1) a thagairt don ordú a tugadh sa dúnadh “déanaigí deisceabail de na náisiúin uile” (28:19). Sé Íosa comhlíonadh an ghealltanais a rinneadh d'Abrahám: “Is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile an domhain iad féin a bheannú” (Gein. 12:3). Is léir go bhfuil béim á chur ar uilíocht an tslánaithe anseo. An t‑ionad suaithinseach a thugtar don uilíocht seo ag tús agus ag deireadh an tsoiscéil, taispeánann sé an tábhacht atá léi i ndearcadh diagachta an tsoiscéalaí.

Cuallacht

Sa tSeanmóir ar an Sliabh, an chéad aitheasc, cuireann Matha Íosa i láthair mar Mheisias i mbriathar (cc. 5-7). Sé is cuspóir leis an tuairisc a leanann é (cc. 8-9) Íosa a chur i láthair mar Mheisias i ngníomh; is léir sin sa mhéid gur cur síos ar mhíorúiltí ar fad atá sa chuid sin. Leanann an t‑aitheasc aspalda don dáréag (c. 10) agus ina dhiaidh sin tagann tuairisc eile a thosaíonn le ceist úd Eoin Baiste: “An tusa an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?” (11:3). Tá an soiscéalaí, ar ndóigh ag súil leis go gcuirfidh a léitheoirí an cheist chéanna orthu féin. Chreid Matha, áfach, gur ghabh breithiúnas i dtaobh a Eaglaise le breithiúnas i dtaobh Íosa féin. Rachadh duine i muinín Íosa go hiomlán dáiríre mar bhall dá phobal agus dá chuallacht amháin.

Eaglais

Éiríonn sé níos deacra agus níos deacra sa soiscéal seo na deisceabail a idirdhealú ón gcuallacht, ón Eaglais, mar is beag eatarthu dar le Matha. Is léir sin ó na treoracha a thugtar do na deisceabail in Matha c. 18. San áit seo feicimid tuairimí tromaí Mhatha faoin Eaglais: cé hé is mó sa ríocht (vv. 1-4), scannal (5-10), an seachránaí caorach (12-14), aire don bhráthair, ceartú air agus údarás san Eaglais (15-18), urnaí chumainn (19-20), agus maithiúnas (21-35). Sí an Eaglais clann an aon Athar. Tá Íosa i láthair i measc a Eaglaise – tá an smaoineamh sin faoi fhráma, ag an ngealltanas faoi Eamánuéil (1:23) agus faoi bheith i gcónaí “in éineacht linn” (28:20). Bíonn sé i gcónaí in éineacht lena lucht leanúna, bíonn sé i láthair trína mhisinéirí (10:40), i láthair i ngach duine a bhíonn i ngátar (25:35-45), i láthair i ngach duine a nglactar leis ina ainm (18:5), agus i láthair sa chomhthionól. Nuair a dhéantar géarleanúint ar na deisceabail, is de bhrí go seasann siad d'Íosa agus go ndéanaid aithris chomh maith ar a pheannaidí. Feiceann Matha freisin an chuallacht mar long á bocadh ag na tonnta, rud a léiríonn sé sa scéal faoin bhfarraige á cur chun suain (8:23-27). Is geall le heiseamláir d'iompar deisceabail an eachtra seo i Matha; déantar “long na hEaglaise” den long anseo níos mó ná i soiscéal Mharcais féin; agus an glao “A Thiarna, saor sinn”, is admháil deisceabail é chomh maith le himpí dhúthrachtach.

Ríocht

Feiceann Matha an Eaglais faoi scáth an bhreithiúnais atá le teacht agus déantar gairm an deisceabail a mhíniú dá réir sin. Na seacht bparabail faoi ríocht Dé (c. 13), tá tomhas eaglaiseach chomh maith le tomhas eascaiteolach ag roinnt leo. Tá Íosa i réim ar an Eaglais agus dá réir sin, tríd an Eaglais, ar an saol mór; sa tslí sin cuireann sé ríocht Dé i gcrích in uain seo an tslánaithe. Sí an Eaglais an ceangal idir an beartas faoi láthair agus an comhlíonadh deiridh. Baill phearsanta na hEaglaise a ghéill do réim Dé in Íosa, is iadsan baill na cuallachta. Bíonn sí teolaí, beo, pearsanta, in áit a bheith ina hinstitiúid dá mbarr. Mar fhocal scoir, ní miste a rá gurb é atá san Eaglais ná réamhstaid nó scoil ullmhúcháin, agus íomhá a chuireann an Basileia, an ríocht le teacht, i láthair cheana féin.

An Naíonscéal (Matha cc. 1-2)

Chuaigh Soiscéal na Naíonachta, i Matha agus i Lúcás, i bhfeidhm go mór ar an traidisiún Críostaí, agus tá a rian go trom ar an ealaín Chríostaí. Tuigimid inniu, áfach, gur feidhm Chríosteolach is mó atá leis, murab í amháin. De bharr na tuisceana sin tugtar tábhacht bhreise anois dó agus mínítear, b'fhéidir, cén fáth ar tuigeadh i gcónaí do Chríostaithe go raibh brí éigin ar leith leis na scéalta faoin leanbh Íosa. Tá tuairisc Mhatha ar an naíonacht go scéimiúil dea-eagair agus tá an Chríosteolaíocht go smior inti sa mhéid go dtugann sí freagra ar cheithre cheist – Quis, Quomodo, Ubi, Unde, .i. Cé hÉ? Conas? Cén áit? Cárbh as?

Quis (1:1-17)

Cé hÉ Íosa? Mac Dháivi, mac Abrahám, ag freagairt do phobal cumaisc Mhatha: Giúdaigh agus Gintlithe. Déanann mná ón Sean-Tiomna ullmhú don tslí ina n‑oibreoidh an Spiorad trí Mhuire.

Quomodo (1:18-25)

Conas ar Mac Dháiví agus Mac Dé é Íosa? Sé mac Dháiví é de bhrí gur ghlac Iósaef, de theaghlach Dháivi, leis. Gabhadh é ón Spiorad Naomh agus dá bhrí sin is é Mac Dé é, Eamánuéil.

Ubi (2:1-12)

An áit inar rugadh é, i mBeithil, leagann sé béim air gurb é Mac Dháiví é. Tugann na saoithe, na Gintlithe, ómós an chreidimh agus an adhartha dó nuair a thagann sé ar an saol; is mac d'Abrahám é sa mhéid sin.

Unde (2:13-23)

Cárbh as dó? De réir a chinniúna, agus de dheonú Dé, leanann sé lorg Mhaois san Éigipt agus Iosrael san Eaxodus. Téann sé ó Bheithil Dháiví go Gailíl na nGintlithe. Cuireann sé faoi i Nazarat agus is mar Nazórach a chuireann sé tús lena mhineastrálacht phoiblí (4:13).

Ginealach Íosa (1:1-17)

Baineann an Sean-Tiomna, go háirithe Geineasas agus 1 Croinicí feidhm chliste iltaobhach as ginealaigh. Braitheann Matha gur slí éifeachtach shoiléir é an ginealach lena chur in iúl cé hé Íosa. Is fiú aird a dhíriú ar dhá ghné den ghinealach:

(1) Scartar leis an bhfoirmle: “Ghin Abrahám Íosác” ag v. 16. Ní deirtear: “Ghin Iósaef Íosa”, ach: “Iósaef, fear céile Mhuire, ónar rugadh Íosa, ar a dtugtar Críost.”

(2) Tá gaol gairid ag an dara gné leis an gcéad cheann, agus sé atá i gceist ná ceathrar ban a bheith á lua, rud nach mbeadh súil leis; siad an ceathrar: Támár, Ráchab, Rút, Baitseaba (“bean Úirías”). De réir an tSean-Tiomna, agus go háirithe de réir an traidisiúin Ghiúdaigh, bhí rud éigin neamhrialta i gcás caidreamh gach duine díobh seo lena céile, ach mar sin féin tháinig ginealach an Mheisias slán, trí gach duine díobh. Is léir go raibh seasamh chomh tábhachtach sin acu gur glacadh leo mar uirlisí an Spioraid Naoimh. Taispeánann sin gur réamhtheachtairí iad do Mhuire féin. Bhí rud éigin níos iontaí agus níos neamhghnáthaí fós ag baint lena caidreamh siúd lena céile agus “fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh”. Bhí lámh Dé á feiceáil go soiléir ag Matha i nginealach an Mheisias. Níor mhiste a lua ar ndóigh nach féidir ginealach seo Mhatha a réiteach le Lc. 3:23-38. Cuireann siad araon fírinní faoi Íosa i láthair; de réir na diagachta is é “Mac Dháiví” agus “Mac Abrahám” (Matha) agus “Mac Dé” (Lúcás) é.

Cé hÉ agus Conas

Foilsiú Críosteolach (1:18-25)

Insíonn an ginealach gur “Mac Dháiví” agus “Mac Abrahám” é Íosa. Fágann Matha an mhóitíf “Mac Abrahám” agus a baint leis na gintlithe i leataobh go fóill go scéal na saoithe, agus cloíonn ar dtús le “Mac Dháiví”. Fadhb ab ea an ráiteas deiridh aige sa ghinealach (1:16); chaith sé a thaispeáint gur Mhac do Dháiví é Íosa d'ainneoin a ghiniúna ó mhaighdean. Faigheann Iósaef an teachtaireacht faoina ghiniúint agus tugann sé aitheantas foirmiúil don ghin a gabhadh ón Spiorad Naomh. Is ar an gcuma sin, trí Iósaef, atá freagra ar conas ar Mac Dháiví é. Ach an mac seo a gabhadh ón Spiorad Naomh is é Eamánuéil é, is é Mac Dé é. Nuair a deir Matha gur gabhadh Íosa ón Spiorad Naomh i mbroinn na maighdine, agus gur de shliocht ríoga Dháiví é trí aitheantas Iósaef, feiceann sé dlúthcheangal idir é a bheith ina Mhac Dháiví agus ina Mhac Dé. Dar le Matha is comhlíonadh litre é ar ghealltanas Dé do Dháiví ó bhéal Nátán: “Cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh … Beidh mé i m'athair aige agus eisean ina mhac agamsa” (2 Sam. 7:12-14).

Cén áit agus Cárb as Dó

An Freagra ar an bhFoilsiú (2:1-23)

Sa tuairisc seo déanann Matha na freagraí a fuarthas go stairiúil ar fhógairt an aiséirithe a chaitheamh siar agus a cheangal leis an naíonacht; chreid daoine agus thug siad ómós; dhiúltaigh daoine eile don teachtaire agus dá theachtaireacht. Sé sin le rá nuair a rinneadh an foilsiú Críosteolach gur lean fógairt agus go raibh dhá shórt freagra – glacadh leis agus tugadh ómós, nó diúltaíodh dó agus rinneadh géarleanúint. Ba ullmhú ina chomhair sin mineastrálacht Íosa. Sin mar atá le fáil leis i scéal na naíonachta. Déanann an freagra diúltach (Héaród, a chomhairleoirí, na hardsagairt agus na scríobhaithe) soiscéal ann féin den tuairisc seo, mar caithfidh fulaingt agus séanadh chomh maith le rath agus séan a bheith ag baint leis.

Údar agus Dáta

Sé traidisiún aontaithe na hEaglaise Moiche é gurb é Naomh Matha, duine den dáréag, an té is túisce a scríobh soiscéal, agus gur san Aramais a scríobh sé é. Soiscéal Mhatha, áfach, mar a tháinig sé chugainn sa Tiomna Nua, scríobhadh é sa Ghréigis; ní aistriúchán é. Níl sé soiléir cén gaol díreach a d'fhéadfadh a bheith idir an scríbhinn Aramaise úd a luaitear agus an soiscéal atá againn. Fág go mba fhéidir gur scríobh Naomh Matha an scríbhinn Aramaise bhunaidh úd, ní féidir dúinn ainm a lua go cinnte leis an soiscéal Gréigise sa Tiomna Nua.

Ní mó ná sin is féidir dáta cinnte a lua leis. D'ainneoin go nglactar leis go minic gur bhain údar Mhatha feidhm as Marcas, níl sin soiléir ná baol air. Is é Matha is déanaí den dá scríbhinn. Tugann an spéis a chuirtear i struchtúr na hEaglaise leid faoin dáta, nach bhfuil sé chomh luath sin. B'fhéidir go mbaineann sé leis an deichniúr 80-90 A.D.

Marcas

Glactar leis de ghnáth anois gurb é Marcas an soiscéal is luaithe, cé gur measadh ar feadh i bhfad nach raibh ann ach achoimre ar Mhatha. Tá sé soiléir do scoláirí an lae inniu go bhfuil sé neamhspleách, tréitheach, agus gur oilte agus gur cumasaí go mór mar scríbhneoir é Marcas ná mar a síleadh.

D'fhéadfaí a rá gurb é Marcas a chuir tús leis an ngné ar leith liteartha, an soiscéal. Bhí an cerugma, an fhógairt, le déanamh aige, agus smaoinigh sé ar an tslí ar leith seo lena dhéanamh, é a shuíomh, is é sin, i bhfráma bheathaisnéis scéimiúil Íosa. Tuigeadh go grinn do Mharcas go raibh foilsiú an tslánaithe suite go lárnach i gcuilithe na beatha daonna. D'oirfeadh sé go seoigh dá bhrí sin beartas slánaithe Dé a chur in iúl trí imeachtaí bheatha Íosa Críost ar an saol seo. Ós rud é go bhfuil sé scríofa agus leagtha amach ar an tslí sin tá an soiscéal caolchúiseach casta. Agus ní fhéadfadh gan a bheith, mar go gcuireann an t‑údar roimhe a chur in iúl faoi chló shaol duine conas mar a chuir Dia lámh in imeachtaí an tsaoil seo agus an teannas go léir a lean dá bharrsan.

Scríobh Marcas don chuallacht ba chúram dó, pobal measctha Críostaithe de chúlra Gintlíoch agus Giúdach. An spéis leanúnach sa mhisean chun na nGintlithe, agus an cháiréis ag aistriú nathanna Giúdacha agus ag míniú nósanna Giúdacha, nochtann siadsan an sruth Gintlíoch, an sruth ba threise. Ach déanann Marcas a dhícheall freisin a ceart a thabhairt do phribhléid Iosrael le barr cneastachta i leith na muintire arb é an Giúdachas a gcreideamh roimhe seo. Cuireann an soiscéalaí roimhe a phobal a dhlúthú le chéile. Sé Íosa bonn an aontais. Ba chóir go n‑aontódh a gcreideamh in Íosa le chéile iad agus go gcoimeádfadh sé le chéile iad.

Struchtúr

Tá soiscéal Mharcais ina dhá chuid ach iadsan ag comhlánú a chéile. Tá an chéad chuid (1:14 – 8:30) gafa leis an gceist: Cé hé Íosa? Tá an bhéim sa chuid seo de Mharcas ar mhíorúiltí Íosa, agus cibé beagán teagaisc atá ann, tá sé dírithe ar na sluaite agus i bhfoirm parabail. Tá an dara cuid (8:31 – 16:8) gafa le cinniúint Mheisiasach Íosa, slí na páise agus an bháis. Sa chuid seo tá an bhéim ar theagasc Íosa, teagasc atá dírithe ar a dheisceabail; tá glactha acusan leis mar Mheisias agus tá an teagasc sin ag baint go háirithe le nádúr a mheisiasachta agus leis an bhfulaingt a leanfaidh aisti dó féin agus dá lucht leanúna.

Aidhm

Bhí aidhm ar leith ag Marcas, aidhm a bhí soiléir dó féin agus dá léitheoirí. Níl an aidhm sin chomh soiléir sin ar fad dúinne na céadta bliain níos déanaí. Ach tá a lán is féidir dúinn a fheiceáil agus a thuiscint; is féidir dúinn a sheasamh Críosteolach a thuiscint, agus cad ba chiall le bheith i do dheisceabal dar leis. Go deimhin féin tá na pointí sin chomh soiléir sin go mba fhéidir a mheas go bhfuil míniú eile ar an bhfaillí a rinneadh sa soiscéal seo – an déine mhíchompordúil atá ag baint leis. Tá scáil an Mheisias ag fulaingt agus an deisceabail ag fulaingt tríd síos ar shoiscéal Mharcais. Sé an Tiarna aiséirithe cloch bhoinn chreideamh Críostaí Mharcais; ach is ríléir dó go bhfuil sé beo “idir na huaineacha”, idir an aiséirí agus an comhlíonadh. Tá an bua i ndán don Chríostaí dílis. Ach anois, faoi láthair, ní aon dóichín é an saol agus is minic gruama go leor é. Paradacsa is ea beatha an Chríostaí, a deir sé, agus sin mar a bheidh leis. Ba trí pháis agus bás a fuair Íosa an bua. Níl an dara rogha ann; sin í an bheatha Chríostaí agus an tslí chun an bhua Chríostaí. Scríobh Marcas a shoiscéal le go dtuigfeadh a Chríostaithe an méid sin, agus go mairfidís dá réir.

Críosteolaíocht

I lár an tsoiscéil, mar thuisle ar gcasann sé, tá an sliocht a chuireann an cheist bhunúsach (8:27-33). Níl an sliocht seo ag plé sa chéad áit dáiríre leis an eachtra a luaitear – admháil Pheadair i gCéasaráia Philib – ach le cúinsí na hEaglaise dá bhfuil sé ag scríobh. De réir na staire bíonn agallamh idir Íosa agus Peadar. Ar leibhéal níos domhaine is é “Íosa” an Tiarna ag labhairt lena Eaglais, agus is é “Peadar” na creidmhigh shomheallta; déanann siad admháil de réir na fírinne, ach ansin baineann siad míchiall as an admháil sin. Tá Marcas ag smaoineamh ar a phobal, tá sé buartha faoin tuiscint atá acu ar Chríost. “Is tú an Críost” – sin mar a d'admhaigh a lán dá mhuintir féin, ach dála Pheadair, rinne siad é go neafaiseach. Tá gach rud ag brath, áfach, ar an gciall atá leis an admháil sin agus a héifeacht ar an saol. Ní féidir dóibh Tiarna an aiséirí a bheith acu gan Meisias na fulaingthe; ní féidir dóibh a bheith ina ndeisceabail ag Íosa gan é a leanúint ar bhóthar na croise.

Seasann Marcas go daingean ar a fhód argóinte. Is é Íosa, ar ndóigh, an Meisias agus Mac Dé. Eisean an té a thiocfaidh gan teip chun a thofaigh a chruinniú chuige féin (13:26-27). Ach is é Íosa freisin Mac an Duine a fhulaingíonn, an té a shiúil bealach aonarach na croise, an té a fuair bás agus é tréigthe, mar a tuigeadh dó, ag Dia féin. Cuireann Marcas in iúl go teann nach féidir d'aon duine ach don té a thuigeann a chros, aiséirí an Tiarna a thuiscint chomh maith. Rinneadh Íosa a ghlóiriú mar gur ghlac sé leis an kenosis, le féinumhlú a bheatha agus a bháis. Níor admhaigh daoine gurbh é Íosa Mac Dé nó go raibh sé marbh, céasta ar an gcrois (15:39).

Is é Íosa an Meisias; tá Marcas deimhin de sin. Ach is Meisias ar leith é. Cé hé dáiríre? Bhí sé geall le bheith dothuigthe ag lucht a linne, agus ag lucht léite Mharcais, go ligfeadh Íosa dá naimhde é a ghabháil, é a chiapadh, é a sciúrsáil, ceap magaidh a dhéanamh de, agus é a chur chun báis. Ach an té nár tháinig chun réitigh leis an “scannal” seo, ní thuigeann sé cé chomh héagoiteann is atá Íosa, go háirithe Íosa mar a dhearann Marcas dúinn é. Níor tháinig Íosa mar bhreitheamh le daorbhreith a thabhairt orthu siúd nach nglacfadh le tabhartas an mhaithiúnais agus an tslánaithe a bhí á thairiscint aige dóibh. Tháinig sé go humhal lena ligean d'antoil lucht a shéanta agus a dhiúltaithe é a mhilleadh agus a scriosadh.

Sé atá dothuigthe ar deireadh thiar ná páis an Mheisias a bhí geallta, an té a bhí le ríocht Dé a bhunú; páis Mhic Dé, an té a bhí leis an Athair a fhoilsiú. Bhí codarsnacht ghlé idir a chumhacht is a údarás neamhaí agus a ísliú is a chéasadh ar an gcrois. Déanann “rún Meisiasach” Mharcais dhá dhearbhú diagachta a thabhairt chun réitigh .i. is é Íosa an Meisias ó thús, ach mar sin féin níor mhór dó a theideal Meisias a ghnóthú ón Athair trí umhlú na croise. Sé is ciall lena shaol ná gur sheol a Athair é, agus gur tháinig sé leis an gcine daonna a shaoradh óna naimhde, óna naimhde laistigh agus óna naimhde lasmuigh. Níor tháinig sé le pionós a chur ar pheacaigh ach le peacaí a mhaitheamh. Tháinig sé, ach ní dhearna sé éigean. Nuair a théann an scéal go cnámh na huillinne ní chuireann sé iallach ar dhaoine, ach umhlaíonn sé é féin agus ligeann do dhaoine é a ghabháil, magadh a dhéanamh faoi, agus é a chur chun báis.

Deisceabal

Chuir Marcas a Chríosteolaíocht in iúl lena insint ar bheatha Chríost; sa tslí chéanna cuireann sé a theagasc faoin deisceabal in iúl trína chur síos ar na deisceabail féin. Cuirtear os ár gcomhair iad lena lochtanna daonna go léir. Tá sé seo an-chosúil le dearcadh réadúil Phóil. Buailimid le Críostaithe a bhfuil níos mó den duáilce ná den suáilce ag roinnt leo in áiteanna eile seachas sna litreacha chuig na Corantaigh agus na Galataigh; tá sleachta morálta litreacha Phóil go léir dírithe ar fhir agus ar mhná bochta laga. Is scáthán ar chuallacht Mharcais iad “na deisceabail”. Tríothusan is ea a dhéanann sé a dhícheall ar a chur abhaile cé chomh tábhachtach is atá sé aithne a chur ar Íosa; agus fógraíonn sé go neamhbhalbh nach bhfuil dul ar aithne a chur ar Íosa gan teacht chun réitigh leis an gcrois. Sin é an fáth a bhfuil Peadar agus na deisceabail eile chomh dúramánta sin. Níor mhór é a bheith d'ionracas i ndeisceabail uile an Tiarna iad féin a fheiceáil sna deisceabail sin. Ghlaoigh Íosa orthu agus ghlac siad lena chuireadh. Chuir sé suas leo go grámhar, foighneach. Theip siad air, ach d'fhan sé dílis. Dúnann Marcas go ciúin muiníneach agus na deisceabail, thall thar cros agus thar aiséiri, ag feitheamh le bualadh leis an Tiarna i nGailíl an dóchais (16:7). Níor loic gach duine, más ea; d'fhan na mná ciúine stuama dílis go deireadh (15:40 – 16:8). B'fhéidir go bhfuil ceacht anseo freisin ag Marcas dúinn – go mbeidh cuallacht Chríost i lán a haoise nuair a dhéanfar dínit na mná agus a hionad cuí san Eaglais a aithint ó bhriathar agus ó bheart.

Dáta

Ba é an ghnáth-thuairim tráth gur scríobh Marcas a shoiscéal sa Róimh c. 65 A.D. Bhí amhras á chaitheamh ar an tuairim sin, áfach, mar nach mór is fiú cuid den fhianaise thraidisiúnta a bhíodh á lua. Ní mór dúinn filleadh ar théacs an tsoiscéil féin, téacs gan ainm ón gcéad aois A.D. Níl aon leid chinnte ann féin gur sa Róimh a scríobhadh é. Glactar leis nach bhfuil sa Laidineachas (e.g. quadrans, praetorium) ach an sórt iarsmaí den chóras rialaithe agus míleata Rómhánach a mbeifí ag súil leo. Ní sa Róimh amháin a bhí géarleanúint (cf. 13:9-13) á déanamh ar Chríostaithe ach go forleathan lasmuigh di. Tá tábhacht ar leith léi in Apacailipsis Eoin, scríbhinn a bhaineann go háirithe leis an Áise. Is féidir dúinn glacadh leis gur scríobh Marcas do chuallacht ar leith agus i gcúinsí ar leith. Fágann sin nach mór dúinn log agus dáta a aimsiú a d'oirfeadh don chás.

B'fhéidir go bhfuil leid in c. 13. Níl aon amhras ná gurb é scriosadh Iarúsailéim agus a Theampaill in 70 A.D. an cúlra dó seo. Bhraithfeadh duine gur scríobhadh an chaibidil go luath tar éis na tubaiste sin; ach níl i gceist ach braithstint. B'fhéidir gur sa Róimh go luath roimh 70 A.D., a scríobhadh é; nó, arís, i gcúige Rómhánach na Síre go luath tar éis 70 A.D. Tharlódh sé gurb é Marcas nó Eoin Marcas a luaitear sna Gníomhartha (cf. Gníomh. 12:12, 25; 13:5, 13; 15:37, 39) agus i litreacha Phóil (Filéamón 24; Col. 4:10; 2 Tiom. 4:11; agus cf. 1 Pead. 5:13) a scríobh.

Dúnadh

Glacann scoláirí leis inniu go raibh sé ar intinn ag Marcas a shoiscéal a dhúnadh ag 16:8; ach ní mar sin a bhíodh. Bhraith na luathChríostaithe go raibh an clabhsúr seo ró-thobann. Rinneadh iarrachtaí ar dhúnadh níos críochnúla a chur leis.

(1) An Dúnadh Fada (16:9-20). Cé go bhfuil sé seo ar fáil i roinnt mhaith lamhscríbhinní, mar sin féin níl sé sna lámhscríbhinní Gréigise is ársa ná sna cóipeanna is ársa de chuid de na haistriúcháin luatha. Taispeánann stíl agus foclóir an tsleachta nach é Marcas a scríobh. Tá sé bunaithe ar na traidisiúin atá sna soiscéil eile. Glacann Caitlicigh leis, áfach, mar shliocht canónta.

(2) An Dúnadh Gairid. Tá dúnadh níos giorra ar fáil i mbeagán lámhscríbhinní. Tagann sé tar éis 16:8 agus uaireanta aontaítear an Dúnadh Fada leis. Is léir gur stíl eile ar fad seachas stíl Mharcais atá ann ach gur cumadh é le gabháil go néata le 16:8. Mar seo a ghabhann sé:

Thug siad cur síos go hachomair do Pheadar, agus dóibh siúd a bhí in éineacht leis, ar gach ar insíodh. Ina dhiaidh sin sheol Íosa uaidh amach, ón oirthear siar, fógra naofa buanmharthanach an tslánaithe shíoraí lena gcabhair.

Lúcás

Bhain Lúcás, dála Mhatha, leis an dara glúin de Chríostaithe, agus scríobh sé i bhfad i ndiaidh thitim Iarúsailéim (70 A.D.). Is é Íosa an Tiarna Aiséirithe, an Slánaitheoir, ag Lúcás freisin. Níorbh Ghintlí ach Giúdach é sular iompaigh sé ina Chríostaí. Níl sé chomh gafa sin dá bhrí sin leis an bhaint atá ag an gCríostaíocht leis an nGiúdachas; tá siad araon deighilte scartha óna chéile, dar leis, cheana féin. Ní bhraitheann sé go bhfuil an Tiarna ar tí teacht go luath agus go tobann – rud nár bhraith Matha dáiríre ach chomh beag. Scríobh sé a shaothar, an dá imleabhar an Soiscéal agus Gníomhartha, do Chríostaithe atá ag maireachtáil san aois iaraspalda. Tá an parousia ann cheana féin, tá sé i gcrích, ar shlí an-dearfa, sa Tiarna Aiséirithe (ciallaíonn parousia cuairt rí, agus tagraítear é do dhara teacht Chríost, don chríoch). Tá Críost, údar an tslánaithe, i láthair sa chuallacht Chríostaí. Sí an uain seo féin uain an chomhlíonta agus na críche. Sé “inniu”, “anois” Críost-i-láthair, tráth an chomhlíonta. Tá an bheatha á dáileadh amach anois sa Spiorad Naomh.

Spéis Thréadach

Is ciallú liteartha agus ciallú tréadach ar scéal Íosa, mhic Ádhaimh, mhic Dé (3:38), é soiscéal Lúcáis. Is é is cuspóir dó ná a thaispeáint conas a chomhlíon Dia gealltanas stair an Bhíobla, sa chéad áit, tríd an mBriathar agus an Spiorad a bhí ina ndlúth agus ina n‑inneach i bpearsa, i saol agus i misean Íosa; agus, sa dara háit, tríd an Eaglais, a chuir roimpi maireachtáil ar nós Íosa agus a mhisean a leathnú go himill na cruinne. An Eaglais, arna beoú ag an Spiorad, agus mar chomharba ar an mBriathar, dhéanfadh sí tuar gach ar thug Dia chun críche in Íosa, an tUngthach, an Tiarna arna aiséirí agus arna dheascabháil, a chomhlíonadh.

Scríobhadh an soiscéal seo do Chríostaithe gintlí den naoú deichniúr de chéad aois an Tiarna. Bhain na Críostaithe i gceist le pobail mhiseanta a bhí leata amach timpeall ar Aintíoch, príomhchathair pholaitiúil agus chultúrtha chúige Rómhánaigh na Síre. Bhí an chéad dúshlán apacailipteach a thug an Chríostaíocht thart. Bhí an stair féin ina dúshlán anois; ba shuarach le rá a bhfréamhacha féin agus b'sheo iad anois gafa i gcuilithe an tsaoil. An bhféadfaidís mar Chriostaithe ar bheagán traidisiúin, cibé chomh teann is a dhearbhaigh siad a gcreideamh, an fód a sheasamh in aghaidh an domhain mhóir lena chultúr Gréagach is a riail Rómhánach? An dtiocfadh an Chríostaíocht slán as a leithéid de thriail?

Bhí na cuallachtaí dár scríobh Lúcás á gciapadh ag géarleanúintí óna lán taobh, agus á snoí ag deacrachtaí inmheánacha; bhí ceist ann faoina bhféiniúlacht mar Chríostaithe. Bhí siad scartha ó fhoinsí Giúdacha na Críostaíochta agus bhí leathchéad bliain idir iad agus bás agus aiséirí Íosa; d'fhág sin guagach iad faoina misean aspalda. Arbh urnaí in aisce, urnaí bhaoth, a n‑urnaí go dtiocfadh ríocht an Athar? Íosa, an Tiarna Aiséirithe, an raibh siad tréigthe aige?

Rinne Lúcas, ina shoiscéal, cúrsa uile an traidisiúin Chríostaí a bhreithniú agus a scéal a insint arís ar shlí a réiteodh fadhbanna iomadúla a léitheoirí. Léargas nua caoithiúil, chabhródh sé leo luach a n‑urnaí a thuiscint, an Tiarna Aiséirithe a fheiceáil i gcúinsí praiticiúla a gcuallachtaí, agus dlús a chur lena misean go teann neamheaglach. De bharr na hathnuachana sin chloífidís go daingean “le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe” (Gníomh. 2:42).

Eaglais Lúcáis

Más mian linn teachtaireacht Lúcáis a aimsiú ní foláir súil ghéar a chaitheamh ar chuallachtaí Lúcáis agus ar a bhfuil le léamh, laistiar den chuntas, faoi luachanna, deacrachtaí agus iarrachtaí na gcuallachtaí sin. Ní mór dúinn glacadh leis an soiscéal seo de réir dhearcadh Lúcáis agus a insint nua féin á tabhairt aige ar scéal na Críostaíochta. Nuair a bhíonn sin ar siúl againn, ní hé an gaol atá ag an soiscéal le himeachtaí staire bheatha Chríost ár bpríomhchúram, ach aird a dhíriú ar thuiscintí Lúcáis ar bhrí agus ar cheachtanna an traidisiúin d'aois nua.

Léiriú maith ar a bhfuil i gceist is ea scéalta Lúcáis faoi na Fairisínigh. Bhí tábhacht mhór leis an aicme seo, na Fairisínigh, i scéal bheatha Íosa. Ach más é teachtaireacht Lúcáis atá á lorg againn, ní mór dúinn a fhiafraí cad a chiallódh “na Fairisínigh” do léitheoirí Lúcáis. Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil an dream stairiúil seo ag tabhairt roinnt claonta diúltacha sa phobal Críostaí chun cuimhne. Tá Fairisínigh shaol Íosa curtha i láthair, más ea, arís agus arís eile mar shiombail do na Nua-Fhairisínigh sna pobail ghintlí dá bhfuil Lúcás ag scríobh. D'fhonn an teachtaireacht a ghrinnthuiscint dá réir sin ní foláir dúinn a chuntas a léamh de réir dhá shuíomh – beatha Íosa agus an Chríostaíocht roimh Lúcás, agus chomh maith céanna, ré Lúcáis féin. Tá a lán gnéithe, abair, de chuntas Lúcáis atá dothuigthe mura nglactar leis gur Críostaithe áirithe atá i gceist le “Fairisínigh”.

Stair an tSlánaithe

Is é Lúcás diagaire stair an tslánaithe. Tá an stair sin, dar leis, roinnte ina dhá thréimhse, (1) ré Iosrael, agus (2) ré Chríost agus a Eaglaise. Ba í an chéad ré, ré an tSean-Tiomna, tréimhse an ullmhúcháin don bhuaic, don imeacht mór, teacht Chríost: “Bhí an dlí agus na fáithe go dtí Eoin; ó shin tá dea-scéal ríocht Dé á chraobhscaoileadh” (Lúc. 16:16). Tosaíonn an dara ré le hÍosa agus is í an tréimhse ar fad í ina bhfuil seisean, an Tiarna arna ghlóiriú, i láthair san Eaglais. Sin é dearcadh Lúcáis, tríd síos ina shaothar. Nuair a bhíonn scéal naíonacht Íosa agus Eoin inste aige (cc. 1-2) cromann sé gan mhoill ar scéal fhógairt na ríochta sa Phailistín, ag Eoin ar dtús agus ansin ag an Meisias. I ndeireadh a shaothair tá an obair chéanna ar siúl ag Pól sa Róimh, i gcroílár an domhain (Gníomh. 28:30-31). Insíonn an soiscéal faoi mhisean Íosa agus faoi bheartas slánaithe a bháis agus a aiséirí; cuirtear clabhsúr air lena ghlóiriú sa deascabháil. Tháinig Íosa mar Mheisias dá phobal, ach diúltú agus séanadh a bhí i ndán dó. Ach níor theip ar a mhisean. Thug sé slánú chuig an Iosrael nua – ní foláir aithrí agus maithiúnas peacaí a fhógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim (cf. 24:47).

Tá Lúcás beagán níos caolchúisí faoi fhíricí staire ná na sionoptaigh eile, .i. Marcas agus Matha; is de bharr a chúlra Ghréagaigh é sin, ar ndóigh. Ach mar sin féin, is cuspóir céarugmach diagachta atá aige go bunúsach. Tháinig an slánú le Críost; tar éis na deascabhála, dhéanfaí fir agus mná a shlánú trídsean agus trína raibh curtha i gcrích aige. Bhí imeachtaí bheatha Íosa an-tábhachtach don saol mór; ba iad tús na laethanta deiridh iad. Ba é Íosa comhlíonadh na ngealltanas go léir de réir Lúcáis freisin, d'ainneoin cúinsí uirísle a bheatha, rud a d'fhág na Giúdaigh dall ar cad a bhí ag titim amach os comhair a súl. Gach rud a tharla roimh theacht Chríost, ní raibh ann ach ullmhú. An t‑ullmhú seo, áfach, agus an comhlíonadh i gCríost, agus an slánú uilíoch ar deireadh, níl iontu go léir ach an t‑aon phlean amháin do shlánú an domhain, plean atá á chur i gcrích de réir a chéile sa stair.

An Slánaitheoir

Fág go bhfógraíonn teachtaireacht Lúcáis cad iad na tabhartais éachtacha a thug an Tiarna leis isteach sa saol seo, is mó agus is dírí a théann sé i bhfeidhm orainn sa tslí ina nochtann sé an Slánaitheoir dúinn i measc a mhuintire féin agus ag déileáil chomh cineálta sin leo. Ba é Íosa Slánaitheoir an duine – sin mar a chonaic Lúcás é. Tuigeadh dó go raibh mineastrálacht Íosa go léir lán de thaise is de thrócaire – de mhaithiúnas is de thuiscint, agus gur mar bhláth ar chineáltacht shéimh Íosa a bhí sin go léir. Na hoibreacha a d'fhógair sé ag tús a mhineastrálachta agus na hoibreacha a chuir sé i gcrích – an soiscéal a fhógairt do na boicht, fuascailt do na cimí, radharc a thabhairt do dhaill, fóirithint ar lucht broide – is oibreacha Slánaitheora iadsan go léir. Ní úsáidtear an teideal “Slánaitheoir” ach aon uair amháin – san fhógra do na haoirí (2:11) – mar sin féin nochtann Lúcás na boicht, na cimí, na daill, na hainniseoirí fir agus mná de gach sórt, agus lámh chneasta Íosa á leagan orthu á dtarrtháil.

Is dócha gur beag sliocht is fearr a chuireann dearcadh Lúcáis ar Íosa in iúl ná an sliocht gleoite ina bhfuil cur síos ar “an bpeacach mná a bhí sa chathair” (7:36-50). Níl aon amhras ar ár dTiarna faoi fhiúntas na beirte, an Fairisíneach fimíneach agus an peacach aithríoch – “deirim leat go bhfuil a peacaí – a mórchuid peacaí – maite di; is léir sin ó mhéid a grá” (7:47). Lúcás amháin a luann na focail a labhair Íosa leis an gcoirpeach fónta: “Beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas” (23:43); a urnaí ar son a chéastúnach: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh” (23:34); eisean amháin a luann an tsúilfhéachaint úd ar Pheadar a ghoin go croí é (22:61). Is cuma cathain nó cén áit é, tá maithiúnas ar fáil ó Íosa i gcónaí. Ní ionadh mar sin gur dhúradh gurb é soiscéal Lúcáis soiscéal na mórmhaithiúnas.

Ritheann sé le nádúr a dhearcadh go dtabharfadh Lúcás aird ar leith ar na mná ina shoiscéal, mar i saol a linne bhí an bhean go mór faoi leatrom. Sé Lúcás a chuireann a leithéidí seo in aithne dúinn – Eiliosaibeit, máthair Eoin Baiste (1:39-58), an banfháidh Anna (2:36-38), baintreach Náin (7:11-17), an peacach mná aithríoch (7:36-50), mná na Gailíle a lean Íosa le linn a mhineastrálachta poiblí – go háirithe Máire Mhaigdiléana, Ióanna agus Súsanna (8:2-3) a bhí ina theannta ar Chailvaire (23:55-56), an bheirt deirféar i mBéatáine, Marta agus Máire (10:38-42). Luann sé freisin an bhean a d'fhógair gur mhéanar do mháthair Íosa (11:27-28), agus mná Iarúsailéim a bhuail le hÍosa agus é ar a bhealach go Cailvaire (23:27-31). Ina theanntasan tá dhá pharabal ag Lúcás amháin, agus mná páirteach iontu – an Drachma a Cailleadh (15:8-10), agus an Breitheamh Éagórach. Mar fhocal scoir, níl aon amhras ná go bhfuil páirt an-suntasach ag Muire i scéal na naíonachta. Deonaíonn Dia féin a chur in iúl cad é an t‑iontas atá sé le cur i gcrích inti, agus tá macalla bheannachadh an aingil: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta” le clos cheana féin sa Magnificat.

Níor éilíodh ach aon ní amháin ar an bpeacach, ar an uiríseal, ar an mbochtán agus ar lucht na buartha agus na hainnise, agus is é sin: a muinín iomlán a chur san Athair grámhar a dhéanann soláthar níos iontaí fós dóibhsean ná mar a dhéanann d'éanlaith an aeir agus do lilí an bháin (12:22-32). Ba fhéidir a leithéid d'éileamh a dhéanamh mar gur bronnadh orthu Neach a fógraíodh mar Shlánaitheoir nuair a rugadh é, agus arb é slánú agus maithiúnas do na náisiúin uile ina ainm (24:46-47) a theachtaireacht deiridh. Bhí tuiscint dhoimhin ag Lúcás don tsláinte agus don easláinte, don tsíocháin agus don bhuairt, agus do riachtanais bhunúsacha an duine – bhí sé dá réir sin i dtiúin go feillbhinn leis an Slánaitheoir féin.

Saibhir agus Daibhir

Tá Íosa seo Lúcáis an-lách an-chneasta, ach níl aon bhoige ná aon chuma liom ag baint leis. Baineann an glaoch, abair, cúl a thabhairt le gach ní, an cuireadh gach a bhfuil againn a thréigean agus eisean a leanúint, stangadh asainn. Mar ullmhú don ghlaoch seo tugtar go leor rabhadh dian faoin saibhreas agus a bhaolaí is atá sé. Is tréine go mór a leagann Lúcás béim air sin ná mar a dhéanann na soiscéalaithe eile; féach 6:24-26; 12:13-21; 14:9, 11, 19-31; 14:33; 18:22. Sé ceacht a fhaightear i bparabal an Amadáin Shaibhir (12:16-21): “Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.” Ní foláir an rogha a dhéanamh; ní féidir seirbhís a thabhairt do Dhia agus do Mhamón, saibhreas (16:13).

An dá pharabal atá ag Lúcás i gcaibidil 16, an Maor Géarchúiseach, agus Dives agus Lazaras, sé an téama céanna atá iontu, úsáid an airgid. Múineann an Maor Géarchúiseach (16:1-8) do na deisceabail (v. 1) conas feidhm cheart a bhaint as an airgead; taispeánann Dives agus Lazaras do na “Fairisínigh” an baol ina mbíonn siad nuair a bhíonn an t‑airgead á chnuasach go doicheallach acu (v. 14). Cuirtear Dives os ár gcomhair mar shampla de dhaor de chuid Mhamóin. Ní sprionlóir é ach tá sé tugtha don airgead ar son an tsaoil shómasaigh phléisiúrtha a chuireann sé ar fáil dó. Tá sé tugtha don saibhreas, agus an oiread sin spéise aige ann nach bhfuil aon tslí ina chroí ná ina aigne aige do Dhia. Níor chóir an parabal seo Dives agus Lazaras, a scaradh óna pháirtí, an Maor Géarchúiseach, sa chaibidil chéanna. Níor mhiste a rá go múineann 16:9 go mba fhéidir do Dhives cara a dhéanamh de Lazaras, is go mba chóir dó sin a dhéanamh le go mbeadh duine aige a d'fháilteodh roimhe isteach sna bothanna síoraí.

Lucht an tSaibhris

Ní foláir dúinn féachaint, áfach, ar an gcomhthéacs leathan inar chóir dearcadh Lúcáis i leith an tsaibhris a shuíomh. Cén fáth “ar fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé” (18:25)? Sé a deir an chéad mhairg ná gur “mairg daoibhse atá saibhir, óir tá bhur sólás faighte agaibh cheana” (6:24). Is soiléire fós é fógra Abrahám: “Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna, go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá” (16:25). Níl aon amhras ná gur mhíshonasach le Lúcás lucht an tsaibhris agus tugann sé cuireadh dúinne trua a bheith againn dóibh. Gabhann siad an bóthar leathan, agus ní hé an bóthar é a threoraíonn chun na ríochta. Mí-ádh seo lucht an tsaibhris an mbaineann sé lena maoin féin nó leis an meon a ghineann an mhaoin iontu?

Muinín

I gcaibidil 12 tagaimid go dtí croí an scéil le Lúcás. Ansin buailimid le parabal an Amadáin Shaibhir; tugann sé seo rabhadh in aghaidh muinín a chur sa saibhreas saolta (12:15-21), agus baineann an sliocht ina dhiaidh (vv. 22-34) go dlúth leis. Sa sliocht sin labhraíonn Íosa lena dheisceabail agus in áit iad a chur san airdeall ar an mbaol a ghabhann leis an saibhreas, rud nár ghá mar go raibh siad bocht, cuireann sé san airdeall iad ar an imní nádúrtha a bhíonn ar an mbocht, imní faoi bhia, faoi dheoch, agus faoi éadach, gnáthriachtanais na beatha. Ag brionglóid dó faoina sciobóil lána, bhraith an fear saibhir slán sábháilte (v. 19). Ach na deisceabail nach bhfuil aon ní acu, braitheann siad lag gan teannta (vv. 22, 29). Níl aon cheist faoi bheith ag cáineadh an tóir seo ag an duine ar theannta agus taca. Sé atá i gceist ná a thaispeáint go bhfuil dul amú ar dhaoine nuair is i nithe saolta a bhíonn a muinín. Ní féidir a bheith ag brath go hiomlán ar aon ní ach ar Dhia amháin, agus ar an gcúram athar a dhéanann sé dínn. Níl aon leid ann gur rud olc ann féin é an saibhreas seachas an meon a ghineann sé i gcroí an duine shaibhir. Mí-ádh is ea maoin an tsaoil seo mar go bhfágann sí an duine saibhir gan spéis i maoin an tsaoil le teacht agus go gcoisceann sí air aird cheart a thabhairt ar a dhualgais i leith na mbocht. Mí-ádh is ea í chomh maith mar go dtugann sí muinín bhaoth do lucht an tsaibhris, rud atá bunoscionn leis an muinín a éilíonn Dia a chur ann féin amháin.

Rabhadh

Thuigfeadh lucht éiste Íosa parabal an Mhaoir Ghéarchúisigh gan stró. Thaitneodh sé leo mar a cuireadh na pearsana i láthair go daingean údarásach, agus an greann a ghabh le cneámhaire a chur os a gcomhair mar ghriogadh chun birt agus gnímh. Lasmuigh den Phailistín, áfach, níorbh fhada an mhoill nó gur braitheadh gur fadhb é conas a d'fhéadfadh an fear neamhscrupalach seo a bheith ar aon slí ina dhea-shampla. Tá freagra ar an bhfadhb faoi iompar an mhaoir sna vearsaí 10-13. Ní sampla é a thuilleadh ar cad tá le déanamh, ach rabhadh faoi cad tá le seachaint. Fágann an bhreis seo substaint an pharabail gan athrú ach is fianaise í ar chiallú an pharabail; cuireann an Eaglais mhoch i leith a ball féin anois é. Sa mhéid seo leanann sí go dlúth d'éirim an pharabail mar a d'inis Íosa é an chéad lá. An beart teann a éilíonn Íosa gabhann an fhéile atá in v. 9 leis; an dílse atá in vv. 10-11, agus an diúltú do Mhamón atá in v. 13. Níor ghabh brí an pharabail thar na luathChríostaithe, ach thagair siad dóibh féin é agus ar an tslí sin chuir siad athrú béime air. Bhí ar a gcumas a theagasc a chur i bhfeidhm ar a mbeatha ghnáth mar gur mhair siad i gcúinsí an bheartais a d'éiligh sé chomh teann; bhí glactha acu leis an ríocht.

Úsáid an Airgid

Téann Lúcás níos sia leis an scéal. In 16:1-9 cuirtear an Maor Géarchúiseach, duine mí-mhacánta, i láthair lena theagasc do na Críostaithe conas úsáid cheart a bhaint as an airgead .i. le cairde a dhéanamh lena chabhair i dtreo nuair a theipfeadh ar an airgead, ar uair an bháis, go gcuirfeadh a gcairde fáilte rompu, ós iad a rinne an mhaith dóibh, isteach sna bothanna síoraí. Sí an úsáid chiallmhar atá le baint ag duine as an airgead ná é a thabhairt do na boicht, agus deimhin a dhéanamh ar an tslí sin dá chinniúint shíoraí. An mhairg a fhógraítear don saibhir, tá baint aici lena dhearcadh ar an saol: “San áit ina mbíonn bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroí freisin” (12:34). Fiú amháin má chloiseann lucht an tsaibhris an briathar, “imíonn siad leo agus plúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil agus ní thagann siad chun aibíochta” (8:14). Tá “a gcroí ligthe chun raimhre acu le barr ragairne agus meisce agus cúraimí an tsaoil” (cf. 21:34). Ní féidir leo súil a chaitheamh thar theorainneacha an tsaoil seo. Sin mar a fheiceann Lúcás an cás.

Cuireann parabal an Mhaoir Ghéarchúisigh in iúl go deimhnitheach an ceacht céanna agus a mhúineann an tAmadan Saibhir ar shlí dhiúltach. Tá críonnacht dá chuid féin ag baint leis an maor cibé scéal é; múineann a shampla do dhaoine a saibhreas saolta a úsáid ar mhaithe leis an saol atá le teacht. Tá na “Mairgí” dírithe ar lucht an tsaibhris agus nochtann an Duine Ainmniúil a dheacra atá sé ag an duine saibhir a anam a shlánú (18:18-27). Taispeánann Zacháias, áfach, go bhfuil slí ann don eisceacht. Fógraíonn Íosa dó siúd: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu” (19:9). Ach ceanglaíonn Lúcás an fhógairt seo leis an dearbhú a rinne an ceannphoibliceánach saibhir seo: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair” (v. 8). Slánaíodh Zacháias ach d'fhill a shaibhreas ar na boicht agus ar an muintir ónar chnuasaigh sé a stór. Seasaíonn Lúcás go daingean leis i gcónaí nach bhfuil le déanamh leis an maoin shaolta ach í a roinnt ar na boicht.

Dia nó Mamón

Cé go gcuireann na ráitis uile 16:9-13 le brí pharabail an Mhaoir Ghéarchúisigh, mar sin féin, níor mhiste a rá go bhfuil ceacht bunúsach an pharabail seo, mar a thuigtear é do Lúcás, sa ráiteas in v. 13: “Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead.” Ní amhlaidh atá ceist faoi dhá shlí ina bhféadfaí an t‑airgead a úsáid, ach tá sé á dhearbhú nach féidir comhréiteach a dhéanamh idir seirbhís do Dhia agus seirbhís don airgead, don íol úd Mamón. Tá an cath á chur i gcroí an duine, sa mhéid nach féidir dó, ina chroí istigh, é féin a thíolacadh go hiomlán do dhá mháistir, agus an bheirt acu ag éileamh seirbhíse gan roinnt. Caithfidh seirbhís chinn amháin acu a bheith uileghabhálach. Tá rogha le déanamh. Tá an duine saibhir i gcruachás cinniúnach; tá a shaibhreas á chur i ngéibheann ag Mamón; nach deacair dó é féin a scaoileadh agus é féin a chur faoi réir Dé ar fad. Is é comhairle Lúcáis sa chás sin: “Deirim libh: déanaigí cairde daoibh féin leis an (Mamón) airgead mímhacánta …”

Urnaí, Lúcháir, Síocháin

Soiscéal na hurnaí é soiscéal Lúcáis, agus is é Íosa Críost féin a thugann an sárshampla dúinne. Ní dhéanann Matha ná Marcas faillí in urnaí Íosa. Deir an triúr sionoptach gur ghuigh sé i nGeitséamainí; ghuigh sé tar éis céad mhíorúilt na mbuilíní (Mc. 6:46; Mth. 14:23); ghuigh sé i gCafarnáum tar éis dó a lán a leigheas (Mc. 1:35). Luann Lúcás ocht n‑ócádí eile seachas iadsan: ghuigh sé ag an mbaisteadh (3:21); d'imigh sé i leataobh isteach san fhásach le hurnaí a dhéanamh (5:16); sular thogh sé a aspail chaith sé an oíche ar fad ag urnaí (6:12). Ghuigh sé roimh admháil Pheadair (9:18), agus d'inis sé do Pheadar gur ghuigh sé go speisialta ar a shon (22:32). Ghuigh sé ag an gClaochlú. Nuair a chonaic na deisceabail é ag guí, spreag sé iad chun a iarradh air a mhúineadh dóibh conas urnaí a dhéanamh. Ar an gcros dó, ghuigh sé ar son a chéastúnach. Go deimhin ba i bhfoirm urnaí a thiomnaigh sé a anam don Athair (23:46). Mhol Íosa go minic dá dheisceabail urnaí a dhéanamh, agus í a dhéanamh gan staonadh dála an charad mhínáirigh (11:5-13), nó na baintrí os comhair an bhreithimh éagóraigh (18:1-8). Ní foláir dóibh guí go dtabharfaí an Spiorad Naomh ó neamh dóibh (11:13); in aon fhocal amháin ní foláir dóibh a bheith ag guí gach uile thráth (21:36). Caithfidh a n‑urnaí a bheith fírinneach dála urnaí an phoibleacánaigh (18:13).

Thug teacht an tSlánaitheora lúcháir isteach sa saol, agus is maith mar atá a fhios sin ag Lúcás. Ghabh gealltanas áthais agus gairdis le scéala bhreith Eoin Baiste (1:14); comhlíonadh an gealltanas sin (1:58), agus bhíog an naíon le háthas i láthair mháthair an Mheisias (1:41, 44). Sa teachtaireacht mhór bheannaigh an t‑aingeal leis an bhfocal Chaire, a chiallaíonn sa chiall litre “Bíodh áthas ort!” agus cuireann Muire a háthas agus a buíochas in iúl go binn sa Magnificat (1:46-55). Ba dhea-scéala a chuirfeadh áthas mór ar an bpobal uile é breith Íosa, a dúirt an t‑aingeal leis na haoirí; agus chuir cuallacht de shlua na bhflaitheas a n‑áthas féin in iúl (2:10, 13-14). Bhí áthas ar na sluaite níos déanaí nuair a chonaic siad na hiontais a rinne sé (13:17). D'fhill an dó seachtód deisceabal óna misean agus áthas orthu (10:17); thaispeáin Íosa cén chúis cheart áthais a bhí acu agus rinne sé féin “gairdeas sa Spiorad Naomh” (10:21). D'fháiltigh Zacháias roimhe go háthasach (19:6). Bhí lánchuallacht na ndeisceabal lán d'áthas agus Íosa ag dul isteach in Iarúsailéim (19:37); agus tar éis na deascabhála chuaigh siad “ar ais go Iarúsailéim agus áthas mór orthu, agus bhídís sa Teampall de ghnáth ag moladh agus ag beannú Dé” (24:52-53). Cuireann na parabail i gc. 15 in iúl cén t‑áthas a bhíonn ar Dhia féin nuair a fhaightear an seachránaí caorach, nuair a fhilleann an peacach.

Gabhann síocháin leis an áthas, an tsíocháin a thugann Íosa (7:50; 8:48), an tsíocháin a thagann isteach sa saol ina theannta (2:14, 29). Ceiliúrann na haingil breith an Rex pacificus lena gcaintic; tá a macalla sin le cloisteáil óna dheisceabail nuair a ghabhann rí na síochána faoi chaithréim isteach sa chathair naofa (19:38), an chathair sin nár ghlac lena theachtaireacht síochána (19:42). Is í an tsíocháin chéanna an tabhartas a bhronnann Críost Aiséirithe (24:36), agus a leathann na deisceabail ar fud an domhain mhóir (Gníomh. 7:26; 9:31; 15:23). Is iad an t‑áthas agus an tsíocháin toradh na hurnaí, toradh an dlúthaontais phearsanta le hÍosa Críost an Slánaitheoir.

Údar agus Dáta

Níl aon amhras sa traidisiún faoi údar an tríú soiscéal: Naomh Lúcás a scríobh. Glacann scoláirí an lae inniu tríd is thairis leis an traidisiún sin. Dá réir sin is é Naomh Lúcás freisin údar Ghníomhartha na nAspal, mar is léir gur dhá imleabhar den aon saothar Lúcás agus Gníomhartha. Luaitear Naomh Lúcás trí huaire i litreacha Phóil: Filéamón 23-24; Col. 4:14; 2 Tiom. 4:11.

Is cinnte gur scríobh Lúcás do Ghintlithe Críostaí. Seachnaíonn sé mar sin i gcónaí aon ní a shamhlódh a bheith róGhiúdach ina spéis. Fágann sé sleachta fada ar lár: traidisiún na sinsear (Mc. 7:1-25), Éilias a bheith le teacht (Mc. 9:11-13), na codarsnachtaí sa tSeanmóir ar an Sliabh (Mth. 5:21-22, 27-28, 33-37). Is deacair dáta cinnte a chur le saothar Naomh Lúcáis – an soiscéal agus Gníomhartha – ach is féidir é a shuíomh sa deichniúr 80-90 A.D. le muinín áirithe.

Eoin

Nuair a chasaimid ar shoiscéal Eoin ó aon cheann de na soiscéil eile braithimid go bhfuilimid tagtha i dtír i gcríocha eile ar fad. Déanann Matha, Marcas agus Lúcás pearsa agus saothar Íosa a chur i láthair ar bhealach díreach go leor. Ina theannta sin déanann siad teagasc Íosa a fhí le go leor imeachtaí agus eachtraí; feicimid Íosa féin go soiléir mar Mhac an Duine, préitséir agus fáidh ríocht Dé, lia lán de thrua is de thaise don easlán agus don pheacach. Sa cheathrú soiscéal, áfach, tá aithisc níos faide, níos lú imeachtaí, agus a lán téamaí teibí ag gobadh isteach arís agus arís eile – leithéid “beatha”, “solas”, “glóir”, “fírinne”. Éilíonn an t‑údar freisin go ndéanfaimis machnamh mós domhain ar bhrí Chríost inár saol. Nuair a bhuaileann Íosa, abair, leis an Samárach Mná ag tobar Iacóib geallann sé uisce beo di; cuimhnímid ar dtús ar fhíoruisce a mhúchann ár dtart. Ach ansin iarrtar orainn machnamh ar leibhéal eile: “Má ólann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beatha síoraí.” Anois sé is ciall leis an uisce a gheallann Íosa ná an Spiorad Naomh a dhoimhníonn ionainn ár dtuiscint ar Íosa agus ar a theachtaireacht dúinn inár mbeatha ghnáth.

Cáilíochtaí ar Leith Eoin

B'fhéidir gur bhain Eoin feidhm as ábhar ar leith le traidisiún luachmhar staire a chur chun cinn. Is é is dóichí go raibh bunús maith staire agus dinnseanchais ar fáil aige; ar an mbonn sin d'fhorbair sé dearcadh diagachta níos doimhne ar “stair Íosa,” dearcadh lena bhféadfaí, le súile an chreidimh, dul go fréamha na n‑imeachtaí seachtracha staire. Rinne sé iarracht na smaointe rúin diaga a bhí neadaithe iontu a fhoilsiú. Taispeánann an cló a chuireann Eoin ar fhocail Íosa féin nach léiriú “stairiúil” i gciall an lae inniu a theastaigh uaidh a thabhairt. Is mór idir caint shimplí bheoga Íosa sna soiscéil shionoptacha, lena íomhára ilghnéitheach agus lena pharabail iomadúla, agus aithisc thromaí dhiaga Eoin. Braithimid go bhfuilimid i ndomhan eile geall leis. Baineann an chaint le leibhéal níos airde, agus tá débhríochas domhain scaipthe tríthi. Nochtann an t‑ábhar leis go bhfuil cáilíochtaí ar leith ag focail Íosa de réir mar chuireann Eoin iad i láthair. Is beag ceangal a dhealraíonn a bheith idir fhógairt ríocht Dé ag Íosa na sionoptach agus an foilsiú a dhéanann Íosa i soiscéal Eoin. Sé a fhoilsíonn Íosa de réir Eoin ná é féin, é féin amháin, é féin i gcónaí. Nochtar an prionsabal diagachta ar a chúlsan le barr soiléire san aitheasc ar an sprioc agus an tslí (14:4-11).

Eoin agus na Sionoptaigh

D'fhéadfaí an gaol atá ag Eoin leis na soiscéil shionoptacha a chur in iúl go hachomair mar a leanas:

(a) Ní dócha go bhfuil Eoin ag brath go díreach ar aon cheann de na soiscéil eile.

(b) Tá traidisiún Eoin, tríd is tríd, neamhspleách. Fiú nuair a phléann sé le hábhair atá le fáil sna sionoptaigh, ní léir go dtugann sé aon bhreithiúnas orthu. Tá a stíl inste agus léirithe féin ag an gceathrú soiscéalaí, agus níl sé le tabhairt faoi deara go bhfuil aon chlaonadh ann na sionoptaigh a cheartú ná a insint féin a chur chun cinn ina n‑áit.

(c) Ceist eile is ea é an raibh eolas éigin ar an ábhar traidisiúnta ar chúl na sionoptach ag Eoin. Nuair a ghlacann sé leis go bhfuil eolas ag a léitheoirí ar ábhar is eol dúinne ón traidisiún sionoptach, níor ghá go mbeadh an t‑eolas sin aige ó na sionoptaigh féin, ach ón traidisiún béil. Caithfimid a admháil, ar ndóigh, go raibh a bheag nó a mhór de chaidreamh idir traidisiún Eoin agus traidisiún na sionoptach.

(d) Chomh fada agus a bhaineann le líon na bhfíricí seachtracha, tá traidisiún Eoin níos boichte ná an traidisiún eile. Mar sin féin tugann sé roinnt mhaith eolais breise a bhfuil a thábhacht féin ag baint leis ó thaobh na staire.

(e) Tá a lán iarsmaí de sheantraidisiún i bhfocail agus i mbearta Íosa de réir Eoin a shamhlaíonn a bheith chomh bunúsach leis siúd ag na sionoptaigh, agus tá sé cosúil leis fiú ó thaobh stíle. D'fhéadfadh an bhunsraith seo de thraidisiún Eoin a bheith comhaimsireach leis an traidisiún sionoptach. A bhfuil againn in Eoin anois, is forbairt níos déanaí é, agus tá éabhlú fada traidisiúin ar a chúl.

(f) Is léir ón tslí a chuireann Eoin chun oibre go bhfuil aidhm ar leith aige. Sin é an míniú is sásúla ar an ngaol ar leith seo aige leis an traidisiún sionoptach. Nuair a scarann sé le cuntas na sionoptach, ní hé amháin go mbíonn traidisiún difiriúil neamhspléach ar fáil aige, ach go bhfuil a aidhm diagachta thar aon ní eile os comhair a shúl.

Dhá Leibhéal

Is minic teachtaireacht á chur in iúl ag an soiscéal seo ar dhá leibhéal; ar leibhéal amháin tráchtann sé ar dhaoine, ar áiteanna, agus ar imeachtaí mar a bhíonn siad, ach ansin arís bíonn ciall shiombalach ag na nithe sin, agus brí bhreise spioradálta acu ag cur Críost in iúl. An ghaoth, an t‑uisce, an solas, an dorchadas, an oíche, fíon, an fhíniúin – is siombailí iadsan go léir. Ní chiallaíonn sin, áfach, nach ann dóibh dáiríre; ní dhéanann, ach go bhfuil ciall bhreise leo iontu féin. Tugann Íosa, abair, bruar aráin ón mias coiteann do Iúdás ag an Suipéar Deireanach. Ansin d'fhág Iúdás an seomra agus “bhí an oíche ann” (13:30). Cuireann dorchadas na hoíche amuigh iallach ar an soiscéalaí cuimhneamh ar rud níos scanrúla fós, dorchadas an oilc agus an díchreidimh. Sí an oíche dá bhrí sin dorchadas Iúdáis, an brathadóir, chomh maith. Sa tslí chéanna úsáideann Eoin íomhá an uisce mar shiombail do bheatha an Spioraid, an bheatha nua a gheallann Íosa don bhean Shamárach ag an tobar, agus don bheatha a thagann ó bhás Íosa nuair a tholl an tsleá a chliathán ar an gcros (19:34). Íomhá don Spiorad Naomh is ea an ghaoth, mar is cumhacht dhiamhair a thagann ó lastuas, ó Dhia, é an Spiorad. Nithe a tharlaíonn, imeachtaí a thiteann amach dáiríre, bíonn ciall shiombalach leo chomh maith; mar shampla, nuair a d'athraigh Íosa uisce ina fhíon, ba imeacht é sin a nocht tomhas breise i bpearsa Chríost. Is “comhartha” ansin é do na tabhartais líonmhara a bhronntar ar an duine trí bhás agus aiséir

An Bíobla Naofa

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

More Info | Version Index