Foirm chuardtha

Geineasas int

AN PEINTITEOCH

Brollach

“An Peintiteoch”, an Torah, nó “Leabhar na gCúig Scrolla” an chéad díolaim de Scrioptúr canónta. I leagan Gréigise an tSeachtóid tá ainmneacha ar leith ar leabhair an Pheintiteoch agus is iad atá ar iasacht againn sa Ghaeilge i gcás Geineasas, Eaxodus, Léivític agus an cúigiú leabhar, Deotranaimí, ach aistrithe i gcás Uimhreacha, an ceathrú leabhar. Sa Bhíobla Eabhraise is iad céad fhocail gach leabhair a thugann a ainm dó. Ciallaíonn torah “teagasc”, go háirithe teagasc i ndlí an Chonartha, rud a thugann dúinn an t‑ainm eile “an Dlí”, nó nomos sa Ghréigis. Anois má bhí sé chomh déanach le deireadh an chúigiú haois R.Ch. sula ndearnadh Scrioptúr den torah, nó den Pheintiteoch, ní foláir a fhiafraí – agus go deimhin tá a lán fáthanna eile chomh maith lena leithéid de cheist a chur – cén cló ina raibh an díolaim mhór scríbhinní seo ón 13ú haois go dtí sin. Glacadh leis go forleathan ina dhiaidh sin gurbh é Maois a ba údar dó. Má bhí sé ann roimhe sin i riocht scríbhinní canathaobh nár glacadh leis mar Scrioptúr? Fágaimis an cheist sin gan freagra go fóill.

Féachaimis ar na leabhair féin. Is é rud is suaithinsí ina dtaobh ná an tslí ina bhfuil idir thuairiscí staire agus aonaid dlí fite ina chéile. Sin é a scarann an Peintiteoch ón gcuid eile den Bhíobla. Mar atáid againn anois, is geall le haonaid liteartha na leabhair ar leith. Cuntas fada leanúnach faoi réamhstair agus faoi shinsir ársa Iosrael agus na gealltanais a tugadh dóibh, atá i nGeineasas. Insíonn Eaxodus conas a bunaíodh náisiún Iosrael de bhíthin chonartha, le linn do threibheanna áirithe a bheith ag imeacht leo ar imirce ón Éigipt; ach ó chaibidil 19 den leabhar sin ar aghaidh, tá aonad ar aonad de dhlíthe agus de rialacha againn. Dlí na sagart ar fad atá i Léivític. Na liostaí ag tús an leabhair a thugann a ainm d'Uimhreacha. Insíonn sé scéal aistear chlann Iosrael ó Shíonái go Móáb; ach tá dlíthe go leor scaipthe tríd an scéal. Cuireann óráid mhór le Maois tús le leabhar Dheotranaimí agus leantar di seo go dtí caibidil 30; tá cód iomlán dlí faoina choim; ansin leantar de scéal Uimhreacha c. 27 sna caibidlí 31-34 de Dheotranaimí, agus tugtar tuairisc ar cheapadh Iósua ina chomharba ar Mhaois. Is léir dá bhrí sin go dtugann na sleachta staire atá ó Eax. 1 go Deot. 34 cur síos ar an teitheadh ón Éigipt, an guardal san fhásach, bunú an chonartha, agus sroichint bruach thoir na Iordáine. Insíonn an chéad leabhar eile, Leabhar Iósua, conas mar a rinneadh gabháil ar an tír tairngire féin. Déanann na cúig leabhair an t‑ábhar a roinnt nádúrtha go leor, ach is léir ón ábhar gur cuireadh an Peintiteoch le chéile mar aonad, agus gur níos déanaí, ar son na háisiúlachta, a roinneadh faoi chúig é.

Anailís ar an bPeintiteoch

Fág go ndeirtear go minic go ndearna Maois doiciméid a scríobh nó a chur le chéile, ní deirtear in aon áit sa Pheintiteoch gurb é Maois féin a scríobh é. Agus seachas 2 Ríthe 14:6, níl aon tagairt sa litríocht go léir roimh an deoraíocht do “dhlí Mhaois”. “Dlí an Tiarna” an gnáthfhocal. Ach sna scríbhinní tar éis na deoraíochta agus sa Tiomna Nua – agus níos déanaí san Eaglais Chríostaí – glactar leis i gcoitinne gurbh é Maois údar an torah. Ach tugadh nithe aisteacha áirithe faoi deara – is ar éigean a d'fhéadfadh fiú Maois tuairisc a scríobh ar a bhás féin (Deot. 34)! Arís, an ráiteas i nGein. 12:6 – “bhí Canánaigh sa tír an uair úd” – tugann sé le tuiscint nach rabhadar ann a thuilleadh (scríobhadh é go maith tar éis réim Dháiví rí dá réir sin). Ón seachtú haois déag ar aghaidh go speisialta, mhéadaigh ar cheisteanna faoi cérbh é an t‑údar, go mór mór nuair a tógadh ceann den ilghnéitheacht stíle sna cúig leabhair, agus den athinsint a dhéantar ar an ábhar iontu, agus den snagadh obann a bhíonn chomh minic sin i dtuairiscí. Cuireadh tús le “hipitéis na ndoiciméad” in 1752 nuair a scríobh Jean Astruc, dochtúir Caitliceach san Fhrainc, leabhar faoi Gheineasas inar mhol sé an teoiric go raibh dhá shnáth ar leith staire á sníomh taobh le taobh tríd an leabhar; go raibh Iáivé (nó Jehovah, óna dtagann an nod “J”) i gcónaí mar ainm ar Dhia i gceann, agus sa cheann eile Elóhím (óna dtagann “E”). Níor chaith Astruc amhras ar Mhaois mar údar; ba é a thuairim nach foláir nó gur fhígh Maois dhá dhoiciméad le chéile. Ghlac na criticí Gearmánacha le leid Astruc, agus thugadar an Peintiteoch go léir faoi réim na teoirice.

Bhaineadar feidhm as dhá uirlis – anailís liteartha agus anailís stairiúil. Ciallaíonn anailís liteartha, sa chás seo, comparáid ghéar idir stíl, foclóir etc.; agus anailís staire, comparáid idir na hinstitiúidí, dlíthe etc. sa Pheintiteoch agus iad siúd atá le feiceáil níos déanaí sna fáithe agus i scríbhinní níos déanaí staire. (Feic na tráchtais ghinearálta ar an bPeintiteoch do shonraí na fianaise.) De thoradh a gcuid staidéir thángadar ar an tuairim nach dhá fhoinse, J agus E, amháin a bhí i gceist, ach dhá cheann eile chomh maith. Cad iad seo eile? Ar dtús tá Deotranaimí ar leith ón gcuid eile go léir: tugann sin D dúinn. Bhí foinse nó foinsí eile a ba dheacra a bheachtú. Bhí dhá shruth dhifriúla ar ar tugadh E1 agus E2 feicthe le tamall ag na criticí in E; ansin aithníodh gur foinse shagartúil é E1 agus tugadh P air. Ar feadh tamaill measadh go raibh P an-mhoch, murarbh é ba mhoiche ar fad. Ach ansin thug criticí faoi deara go raibh a lán nithe i P a bhí ag réiteach leis an tréimhse tar éis na deoraíochta. Uime sin ba é deireadh a bhí ar an scéal ná gur glacadh le P mar an fhoinse ba dhéanaí a dhlúthaigh agus a ghreamaigh an Peintiteoch le chéile. Níorbh fhéidir mar sin féin dáta dearfa a chur leis na ceithre sruthanna go dtí go bhfuarthas amach go raibh D ag freagairt go cruinn do na leasuithe creidimh ar chuir an rí Ióisíá tús leo in 621 R.Ch. Ní foláir J agus E a bheith níos aosta ná iadsan. Deirtear anois de ghnáth go mbaineann J le blianta tosaigh na ríochta (an deichiú nó an naoú céad). Is déanaí é E agus tá éifeacht na bhfáithe le feiceáil air (an naoú nó an t‑ochtú céad). Baineann D le deireadh an tseachtú agus P le deireadh an tséú haois.

Glacann teoiric na ndoiciméad leis go raibh na ceithre phríomhshruth ann roimh ré mar scríbhinní agus gur cumadh an Peintiteoch trí iad a fhí ina chéile. I gcaitheamh na mblianta caitheadh amhras arís agus arís eile faoin tuairim sin agus moladh teoiricí eile (cf. inár ndiaidh). B'fhearr lena lán ar uaire labhairt ar thraidisiúin in áit scríbhinní. Ach filleann na criticí i gcónaí, d'ainneoin beagán amhrais b'fhéidir, ar theoiric na ndoiciméad. Sé is cúis leis sin ná go bhfuil ionannas stíle agus smaointe le léamh ar na sruthanna faoi leith, rud nach bhféadfadh gan a theacht as foinsí scríofa. Tá seo fíor go háirithe faoi J, duine de dhiagairí móra an Bhíobla.

Moladh teoiricí eile leis, a ndála seo leanas nó meascán díobh: (1) “Teoiric na mbloghanna” .i. gur fíodh an Peintiteoch le chéile as bloghanna a bhí ar leith leo féin ar dtús. (2) “Teoiric na n‑aguisíní” .i. go ndearnadh, le himeacht aimsire, a lán breiseanna agus aguisíní a chur leis an insint bhunúsach ar an eachtra staire agus leis an tsuim bhunúsach dlíthe. Ach má chuirtear a bhfuil ráite san áireamh, is léir nach leor aon cheann de na teoiricí seo. Ach san am céanna fiú má ghlactar le teoiric bhunúsach doiciméad, ní foláir a admháil go bhfuil breiseanna i gceist leis (e.g. Gein. 14) agus aguisíní anois agus arís – iad seo go háirithe i gcás na ndlíthe.

Ach fiú má ghlactar le teoiric na ndoiciméad, ní foláir a admháil go bhfuil an claonadh ann, i gcás ábhair thraidisiúnta, agus é fiú ar phár, é a sheachadadh i bpatrúin nó i bhfoirmeacha suite. Is iomaí toradh fónta atá bainte amach ag scoláirí mar Gunkel, Grassman, Von Rad, Noth, de thoradh staidéir ar na foirmeacha sin, nó “foirmchritic” mar a thugtar air, agus an iarracht ar na foirmeacha sin a shuíomh ina gcúlra staire agus institiúidí (sitz im Leben). De thoradh shaothar bunúsach Gunkel ar Gheineasas agus ar na Sailm, cromadh ar an bhfoirmchritic a chur i bhfeidhm ar na sionoptaigh féin. Óir tá gaol gairid ó thaobh déantúis idir na soiscéil agus an Peintiteoch, ach go bhfuil na traidisiúin á gcoimeád ar leithrigh sna soiscéil, agus iad á bhfí ar a chéile sa Pheintiteoch. Tá cás agus ionad Deotranaimí leis sa Pheintiteoch cosúil ar a lán slite le hEoin i dtraidisiúin na soiscéal.

Údar

Tar éis dhá chéad bliain de thaighde ag scoláirí agus ag scoileanna de gach creideamh agus de gach claonadh, glactar anois go forleathan le teoiric na ndoiciméad (JEDP) go bunúsach, agus táthar ag réiteach i gcoitinne chomh maith faoi na dátaí a luaitear leis na doiciméid chéanna. Ní hé sin le rá go bhfuil na scolairí uile ar aon aigne, ná go bhfuil na fadhbanna go léir réitithe. Dála fhadhb na sionoptach, tá deireadh déanta sa ghnó seo ag an gcritic liteartha. Ní amhlaidh áfach leis an taighde ar stair agus ar shaol Iosrael fadó. Tá sin ag dul chun cinn de shíor agus leanfaidh sé air ag tabhairt breis eolais ar stair chreideamh Iosrael fiú amháin mura réitíonn sé na fadhbanna téacsúla. Réamhthuairimí staire agus fealsúntachta Graf agus Wellhausen, tá cúl tugtha leo; ach teoiric na ndoiciméad, lena bhfuil ainmneacha na beirte sin thar cách eile ceangailte, tá sí faoi réim go fóill. Sé is cúis leis sin ná nach amhlaidh a d'fhionnaigh an bheirt sin an teoiric ach go ndearnadar a gcuid féin dá lán a bhí fionnaithe, aimsithe, agus múnlaithe ag daoine eile rompu.

Ní foláir cuimhneamh air gurb é atá i gceist leis na dátaí a chuirtear leis na haonaid a luaitear ná dátaí an chló deiridh a buaileadh orthu, agus ní hiad dátaí an ábhair bhunaidh féin iontu. Tá cuid den ábhar sin déanach go leor ach tá a thuilleadh atá an-ársa. Ní furasta a shuíomh cén aois go cruinn atá ag na heilimintí ársa seo. Ní foláir an cheist a chur: “An dtéann aon chuid díobh siar go Maois féin?” Níl de fhreagra cinnte againn ar an gceist seo, ach a rá gur thosaigh na traidisiúin le Maois, nach foláir nó gur ó bhéal go béal a seachadadh iad ar feadh i bhfad sular cuireadh ar phár iad, agus nach foláir nó gur lean an béaloideas ar feadh na gcéadta de bheith ag cur crut agus cló ar na traidisiúin. Instear dúinn go minic sa Pheintiteoch gur “scríobh” Maois, agus níl aon chúis againn inniu le hamhras a chaitheamh air sin. Má “scríobh” sé, sé rud is dóichí a scríobh sé ná dlíthe. Uime sin is ródhócha go bhfuil na Deich nAitheanta go bunúsach, a lán dlíthe eile, liostaí mallachtaí agus eile, ar aon dul, sa chuid is mó de, lenar “scríobh” Maois.

Tréithe na bhFoinsí

Sé rud is suaithinsí atá ag baint leis na ceithre foinsí ná an t‑ionannas ábhair agus stíle tríd síos. Is rud é sin a chuireann d'iallach orainn smaoineamh, ní ar cheithre shruth béaloidis ach ar cheithre foinsí scríofa. Ritheann J agus E cneas le cneas, an t‑ábhar céanna iontu sa chuid is mó de, agus iad deacair a dhealú ó chéile. Is faide agus is iomláine J; tá breis bearnaí in E agus samhlaíonn sé nach dtagann sé i gceist go dtí timpeall lár Gheineasas. Is furasta D agus P a aithint. Is léir go bhféadfadh sé a bheith i gceist gur bhain na príomhfhoinsí féin – J agus E go háirithe – feidhm as scríbhinní níos ársa fós ná iad féin. Ach is iad na heagarthóirí deiridh a bhuail a chló féin ar an torah, agus is leo sin amháin dá réir sin, is gá dúinn plé anseo.

Tá údar na foinse J ar dhuine de na daoine is géire agus is bunúsaí éirim de scríbhneoirí uile an Bhíobla. D'fhígh sé le chéile go healaíonta an seanchas agus an béaloideas simplí a seachadadh ar feadh na nglún, agus rinne díobh stair naofa chaidreamh Dé le hIosrael; agus nocht sé diagacht staire chomh maith. Ní hé amháin gur scéalaí den chéad scoth é, le spéis i gcónaí sna himeachtaí beaga agus sna sonraí beaga a bhaineann le scéal maith (e.g. i gcás scéal Iósaef, arb úrscéal é, geall leis). Is siceolaí den chéad scoth é chomh maith, agus is mór é a spéis i ndaoine, i bhfir agus i mná, agus ina n‑aigne araon. Ach ní leor leis riamh cuimhneamh ar an duine mar dhuine amháin. Tá an creideamh go tréan ann, agus is mór é a spéis sa fhreagra nó a mhalairt a thugann an duine ar chuireadh Dé, agus a mbeadh de bhaint aige sin lena shaol. Ar an tslí sin, i gcéad chaibidil Gheineasas feicimid é i ngleic le buncheisteanna mar: cruthú, titim, peaca, fulaingt, lánúnas, fionaíol, cogadh an duine lena chomharsana agus a sheachrán sa saol. Ach Dia ag roghnú Iosrael an t‑ábhar is mó is spéis leis. Nochtann sé lámh Dé ag obair ag treorú a phobail thofa, agus iadsan thíos seal agus thuas seal, iad ag tuisliú agus ag éirí, ag sleamhnú ar gcúl agus ag titim ar thaobh an bhóthair. Is daonnachtaí é atá lán de chreideamh, croí mór aige, agus trócaire agus misneach ag roinnt leis. Ag caint dó ar Dhia samhlaíonn sé a bheith tútach geall leis; siúlann Dia sa ghairdín, dúnann Dia an áirc; tagann Dia anuas ó neamh; buaileann racht feirge é. Ní leanbaíocht atá sna cainteanna sin go léir áfach, ach simplíocht ghlé, simplíocht atá ar snámh le tuiscint agus le domhainmhachnamh. Mar atá sé anois sa Bhíobla tá an fhoinse E an-bhearnach, agus b'fhéidir gurb é sin faoi deara E a bheith sa scáth faoi loinnir J. Níl an cumas céanna drámaíochta ná eachtraíochta ann. Samhlaíonn sé leis go bhfuil claonadh breise i leith na diagachta in E, agus dá réir sin go bhfuil níos lú den chreideamh dáiríre ag baint leis. Is fiú ceann a thógáil de dhá rud go háirithe ina thaobh: (1) Seachnaíonn sé aon tútacht ag cur síos dó ar Dhia. Fágann sé Dia dáiríre i bhfad i gcéin, ar bhall ar leithrigh. Tugann sé “Aingeal an Tiarna” os ár gcomhair mar ghuth foilsitheach Dé ó na flaithis, agus baineann sé feidhm as taibhrimh agus a leithéid mar mheáin fhoilsithe chomh maith; ní foláir iad seo eile ansin a mhíniú mar fhoilsiú ó Dhia. (2) Is léir ón méid sin go bhfuil gaol gairid ag E leis na fáithe. Déanann sé a dhícheall dá réir sin a chur ina luí orainn gurb é spiorad na bhfáithe an meán ceart caidrimh le Dia (cf. Gein. 20:7, 17; Eax. 15:20; 20:19; ach go speisialta Uimhr. 11; 12:6 et seqq.; 21:7)

Is mór idir P agus na foinsí tuata. Ní eachtraíonn P, ní inseann sé scéal, stair ná seanchas. Ní dhéanann sé ach teagasc. Sé atá aige tríd síos, teagasc míúnach diaga. Níl a theanga beoga, raidhsiúil, borb, bríomhar ná meallacach dá bhrí sin. Tá an fhoirmiúlacht go smior ina stíl, agus tá sí calcaithe, stálaithe, saoithíneach (cf. na foirmlí a athráitear i gcc. 1 agus 5). Is beag é spéis P i bhfadhbanna daonna nó sa choinníoll daonna. Dia, a dhlíthe, a reachta, a chonarthaí, is cúram dó. Iadsan is stair ag P agus ní hiad imeachtaí an duine. Ach dá ainneoin sin is toisc go bpléann sé le dátaí, le huimhreacha, le ginealaigh, agus le tréimhsí, a thugann P don Pheintiteoch cibé creatlach dátúil dá bhfuil aige (air atá an 4004 bliain (!) ó Ádhamh go Críost bunaithe). Tá ábhar cianaosta in P ach tá ábhar atá úr go maith ann chomh maith. Lasmuigh dá thuairisc ar an Díle is an-fhurasta a shaothar a aithint ón gcuid eile. Seasann D leis féin. Pléifear é nuair a bheimid ag cur síos ar Dheotranaimí.

An Cúlra Liotúirgeach

Thráchtamar cheana ar an iliomad gné litríochta (nó traidisiúin) atá i bhfostú sa Pheintiteoch. Orthusan tá scéalaíocht, miotais, solaoidí, seanchas teaghlach, dinnseanchas láithreacha naofa, seanchas mínithe, iomainn, aithris chéarugmach stair an tslánaithe, liostaí beannachtaí agus mallachtaí, dlíthe, agus gnéithe eile nach iad is lú tábhacht. Mar a chonaiceamar cheana féin, tá, chomh maith, cumasc ar leith de insintí staire agus d'aonaid dlí ann.

Tá tábhacht ar leith leis an ngné dheireanach seo agus tá dianghá le míniú uirthi. Sé míniú is sásúla uirthi – míniú dála an scéil a mhol Von Rad agus Noth agus atá á dhaingniú le déanaí trí chomparáid idir samplaí anseo agus gnéithe ársa conartha – go raibh comhthéacs nádúrtha liotúirgeach ag na hinsintí staire, na liostaí dlíthe, na beannachtaí, agus na mallachtaí, nuair a bhí an conradh á bhunú nó á chomóradh. Foras a fuair aitheantas ar fud an GharOirthir a ba ea an Conradh. Tá samplaí de chonarthaí faighte i roinnt tochailtí (cf. Pritchard, A.N.E.T., lgh. 199-206). I mbeagán focal, dealraíonn sé gur mar leanas a bhí an scéal: D'fhéadfadh conradh a bheith idir dhá dhream ionanna, ach ba idir rialtóirí agus pobail a ghéill dóibh a tharla na conarthaí móra stairiúla. Dhéanfadh, abair, Ard-Rí na Hiteach pobal a ghéill dó a ghlacadh faoina scáth agus faoina choimirce; dhéanfadh sé amhlaidh le conradh sollúnta dar finné dia mór na bhflaitheas. Bhí nósa agus gnása ar leith ag baint leis an tslí ina gcuirfí an conradh sin ar bun: (a) tosaíonn an rí lena insint cé hé féin agus cad iad a dhintiúirí agus chumhachta (“Mar seo a deir A …”); ansin (b) tugann sé achoimre ar nithe fónta atá déanta aige ar son an phobail lena labhraíonn sé; (c) áiríonn sé coinníollacha an chonartha (.i. dlíthe) agus (d) ordaíonn sé nach mór iad a chur ar coimeád i scrín agus a léamh ó am go ham; (e) glaotar ar na déithe chun a bheith ina bhfinnéithe ar an gconradh sollúnta seo (Deot. 32:1; Ís. 1:2). Dúntar ansin le liodán beannachtaí nó mallachtaí orthu siúd a chomhlíonfaidh é nó nach ndéanfaidh (Deot. 28).

Is mór go léir an chosúlacht atá idir é sin agus an conradh atá againn sa Bhíobla. Déanann den bhrollach stairiúil, aithris chéarugmach bearta slánaithe Dé mar réamhrá do dhlí Dé á fhógairt. In Iósua c. 24 tá gearrchuntas ar bhearta slánaithe Dé go léir ar son a phobail; achoimre an méid sin ar an bPeintiteoch go léir agus tugtar air sa réamhrá – “briathar Dé” (= céarugma): “Mar seo a deir an Tiarna (Iáivé), Dia Iosrael: Rinne bhur nAithreacha …” (v. 2). Leanann fógairt na ndualgas an cuntas staire: “Uime sin bíodh eagla an Tiarna oraibh, agus déanaigí seirbhís dó.” Ní foláir glacadh leis gur fógraíodh Dlí Dé ag an bpointe seo (v. 14 et seqq.). Is léir go bhfuil an conradh le cur ar phár chomh maith, agus le cumhdach i scrín; tá comhthéacs beo beathaitheach ag na beannachtaí agus ag na mallachtaí. Ní foláir conradh a choimeád beo agus a athnuachan ó am go céile, uime sin faighimid leagain shuite liotúirgeacha den chéarugma, den dlí agus de na pionóis. (Tá a mhacasamhail d'achoimre staire chomh maith i nDeot. 6:20-24 agus 26:5-9).

Feicimid ciall mar sin leis an gcumasc de stair agus de dhlí. Ní stair acadúil a bhíonn i gceist; stair naofa í geall leis, agus céarugma dá réir sin, stair sé sin dar cuí freagra. Stair naofa den sórt sin, agus dlí sin é is bunús don torah. Is furasta a thuiscint conas a d'fhásfadh leagain dhifriúla den ábhar liotúirgeach seo ag lárionaid ar leith, agus a dhéanfadh eagarthóirí níos déanaí iarracht ar an iomlán a fhí ina aonad taibhseach agus cibé bloghanna fáin a bheadh timpeall a cheangal de chomh maith. Is geall le réamhrá dá bhfuil ag teacht é Geineasas: faighimid ann seanchuimhne na dtreibheanna ó na cianaoiseanna i bhfad sular bunaíodh pobal Iosrael de bhíthin an chonartha bheannaithe seo. Is furasta a thuiscint conas a tugadh an oiread sin tábhachta do Mhaois, agus cad é mar ómós a bheadh dó go deo in aigne an phobail mar gurbh é a rinne foilsiú Dé a sheachadadh dá phobal. Ba é an torah tabhartas sárluachmhar Dé do Iosrael.

NA LEABHAIR AR LEITH

Geineasas

Tugtar Geineasas (genesis = “teacht ann” sa Ghréigis) ar an gcéad leabhar den Bhíobla mar go bhfuil tuairisc ann ar thúsú an domhain agus an duine, agus ar an ngeallúint as a n‑eascródh, in am tráth, Iosrael, pobal Dé féin (cf. Eax.). Thug na Giúdaigh Bereshít ar an leabhar seo mar gurb iadsan na chéad fhocail ann. Ós réamhstair é, is cuma é, ar shlí, nó réamhrá. Tá sé ina dhá chuid: scéal an túsaithe (cc. 1-11); agus scéal na bpatrarc: Abrahám (cc. 12-25); Íosác (cc. 26-27); Iacób (cc. 27-36); Iósaef (cc. 37, 39-50); Iúdá (c. 38). Siad J agus P na foinsí sa chéad chuid; sa dara cuid is iad J agus E. Tosaíonn E le hAbrahám; tríd síos níl a chuntas chomh réidh ná chomh leanúnach le J. Fágann seisean a rian ar an leabhar ar fad; tá mianach agus tréithe ar leith ag baint leis dá bharr, rud a fhágann an leabhar seo ar cheann de na leabhair is taitneamhaí den Bhíobla (féach romhainn). Níor bhain c. 14 (Abrahám agus Meilcizidic) ná c. 49 (beannachtaí Iacóib) leis na príomhfhoinsí.

Tosaíonn an leabhar le P mar fhoinse i gc. 1 (briathar Dé ag cruthú an domhain); leantar leis an bhfoinse chéanna i gc. 5 (liosta na gcéad phatrarc); agus i scéal na díleann (cc. 7-9, ach measctha le J anseo), agus i nginealach Naoi (c. 10).

Tá cuntas J ar an gcruthú i gc. 2; leanann a chuntas ar an titim (c. 3), na chéad phatrairc, agus leathnú an pheaca (c. 4), peaca na n‑aingeal (6:1-8), pionós na díleann (cc. 7-9 measctha le P), agus túr Bháibil (11:1-9). Faigheann diagacht staire J greim ar an leabhar as sin ar aghaidh; léiríonn sé conas mar a thugann Dia a gheallúint chun críche de réir a chéile, an gheallúint a thug sé d'Abrahám an fánaí; agus déanann Dia sin d'ainneoin peacaí agus mídhílse gan staonadh an duine; is sa dul amach féin, in Eaxodus, a fheicimid an sprioc á haimsiú, pobal Dé á dhlúthú le chéile, agus lena Thiarna.

Eaxodus

Tugtar Eaxodus (exodus = “dul amach”) sa Ghréigis ar an dara leabhar den Pheintiteoch. Siad na chéad fhocail ann san Eabhrais ná we'élleh shemót (= “agus seo iad ainmneacha”) agus an focal deiridh díobhsan a ainm. Dála leabhair eile an Pheintiteoch is cumasc atá anseo cé gur deacra na trí foinsí, JEP, a scagadh anseo ná i nGeineasas. Buailimid anseo, den chéad uair, leis an meascán tuairiscí agus dlí a luamar romhainn. Tá sé ina dhá chuid go bunúsach .i. cc. 1-18 agus cc. 19-40. Insítear sa tuairisc faoin leatrom a imríodh ar na hIosraelaigh san Éigipt (c. 1), glaoch Mhaois (cc. 2-4), an t‑aighneas le Forann (5:1–7:7), na deich bplánna (7:8–11:10), an Cháisc (12:1-36), an tEaxodus (12:37–15:21), an turas go Síonái (15:22–18:27).

Sa dara cuid faighimid an dlí agus é fite isteach le scéal foilsiú Dé ar an sliabh naofa. Anseo tá: na Deich nAitheanta (20:1-21); Leabhar an Chonartha (20:22–23:19); daingniú an chonartha (c. 24); dlíthe faoi bhunú an chultais agus an liotúirge (cc. 25-31) agus a gcur i ngníomh (cc. 35-40). Idir eatarthusan tá cur síos ar thitim Iosrael agus ar athnuachan an chonartha. Luaitear glaoch Mhaois agus foilsiú an ainm dhiaga (YahwehYHWH, an focal ceatharlitreach; = “an Tiarna” sa leagan seo) dhá uair, in 3:13-15 (E) agus 6:2–7:7 (P). Ní bhaineann Laoi an Bhua (15:1-19), na Deich nAitheanta (20:1-7), ná Leabhar an Chonartha (20:22–23:33) leis na príomhfhoinsí ach tá siad fuaite isteach le E; mar an gcéanna leis na dlíthe cultais (34:10-26) atá fuaite isteach le J. Is ó P ina n‑iomláine cc. 25-31, agus cc. 35-40.

Bhí páirt mhór ag an Eaxodus, mar imeacht, i liotúirge Iosrael. Ba é seo Dia ag fuascailt a phobail le héachtaí agus le hiontais; déantar é a cheiliúradh go minic sna Sailm agus i dtéacsanna ársa eile. Ba é seo an túsú dáiríre de réir an liotúirge murab ionann agus an túsú i nGeineasas, nach bhfuil ach tagairt fhánach dó sa chuid eile den Sean-Tiomna.

Léivític

Ainm Gréigise atá againn anseo leis go bunúsach agus bunaithe ar ainm Eabhraise shinsear na treibhe sagart. Is de bhrí gurb é is mó atá sa leabhar ná reachtanna cultais agus liotúirge, a fuair sé an t‑ainm sin. Thug na hEabhraigh Wayyikra’ (= “agus ghlaoigh”) ar an leabhar óna chéad fhocail. P atá mar fhoinse ag an leabhar ar fad. Mar sin féin is díolaim ilghnéitheach go leor é de chnuasaigh agus de bhloghanna. Níor mhiste é a roinnt mar leanas: dlíthe íobartha (cc. 1-7); dlíthe faoi shagairt (cc. 8-10 agus 16); dlíthe íonghlanta (cc. 11-15); dlíthe naofachta (cc. 17-26), agus aguisín faoi dheachúna (c. 27).

Tá sliocht de thuairisc i gcc. 8-9 ar na sagairt choisricthe agus na chéad íobairtí, a leanann ar aghaidh ó Eaxodus cc. 35-40 (ar thógáil an taibearnacail). Baineann peaca Nádáb agus Aibíchiú, na dlíthe faoi shagairt i gc. 10, agus bunú na féile móire i gc. 16, dlúth go leor leis sin. Seachas an méid sin is dlí ar fad atá sa leabhar agus is geall le treoirleabhar do shagairt é (féach go háirithe cc. 1-7, agus 11-15). Mar chnuasach is rud ar leithrigh é Cód na Naofachta (cc. 17-26); tá dlíthe an-ársa agus dlíthe atá déanach go leor ann.

Tá dhá chló ar na dlíthe; is féidir iad a bheith ordaitheach (“déan” agus “ná déan”) nó solaoideach (“dá dtarlódh … ansin …”).

Uimhreacha

Aistriúchán ar an ainm Laidine (agus Gréigise) is ea an t‑ainm seo Uimhreacha a thugaimid ar an gceathrú leabhar den Pheintiteoch. Thug na Giúdaigh Bammidbar (= “san fhásach”) air.

Sraith de thuairiscí agus de dhlíthe atá sa leabhar. Sé tá sna tuairiscí, sa chuid is mó de, ná cur síos ar cheithre céimeanna in aistear Iosrael ó Shíonái go Móáb. Is féidir ceithre ranna, dá réir sin, a dhéanamh den leabhar:

(a) San fhásach ag Síonái: Tugtar liosta de fhiní agus de threibheanna Iosrael, agus ordú cur chun bóthair (cc. 1-2); leanann treoracha do na Léivítigh (cc. 3-4), agus breiseanna le dlíthe an íonghlanta (5:1–10:10).

(b) Ó Shíonái go Cáidéis: Tuairisc ar chúig imeachtaí, agus ceannairc mar bhuaic (11:1-3 Tabaerá; 11:4-35 gearga; 12:1-12 Miriám agus Árón ag gearán; cc. 13-14 an chéad tuairisc ó na taiscéalaithe; cc. 16-17 ceannairc Chorach, Dhátán agus Aibíorám). Idir eatarthu tá dlíthe breise íonghlanta (15:1-41; 17:27–19:22).

(c) Ó Cháidéis go Móáb (cc. 20-25). Tuairisc amháin atá anseo agus scéal Bhalám (cc. 22-24) ina lár.

(d) Ar Bhánta Mhóáb (cc. 26-36). Sraith dlíthe is mó atá ina thús seo; leanann treoracha faoi roinnt na hAlliordáine (c. 32), liosta de láithreacha campála san fhásach (c. 33), agus treoracha faoi ghabháil agus roinnt Chanán agus ábhar ilghnéitheach eile (cc. 34-36).

Siad J agus E foinse na dtuairiscí. Sé P amháin foinse a bhfuil de dhlí sa leabhar.

Deotranaimí

Ón nGréigis an t‑ainm atá againn ar an leabhar seo chomh maith. Tá sé bunaithe ar aistriúchán lochtach ar Dheot. 17:18 (“coip den dlí”). Thug na Giúdaigh Debarím (= “briathra”) air óna chéad fhocal mar ba nós leo.

Freagraíonn Deotranaimí sa Pheintiteoch ar shlí do Shoiscéal N. Eoin i measc na soiscéal. Tá stíl ar leith dá chuid féin aige, stíl nach bhfuil rian di sna leabhair eile roimhe. Baineann sé le céim níos déanaí, le cúinsí eile, agus tá sé ag féachaint siar i ndiaidh a chúil; tá sé ag féachaint ar aghaidh leis, ar shlí, mar an scoil a d'eagraigh Deotranaimí, rinne siad eagrú ar leabhair staire a lean é .i. Iósua-Ríthe; d'fhág siad a dteachtaireacht shoiléir – aon Dia amháin agus aon Teampall amháin – neadaithe go daingean iontu. Sí stíl an óráidí atá anseo, tá seisean (.i. Maois) ag fógairt dlí Dé don phobal agus ag baint feidhm as gach áis agus cleas tathanta chun a áiteamh orthu é a leanúint. Tá réamhrá (cc. 1-3) a fhéachann siar ar na himeachtaí ó Horaeb anuas; ansin tagann corp an leabhair (cc. 4-30); dúntar é le tuairisc (cc. 31, 34) ar Mhaois ag cur comharba ar fáil, agus ag cinntiú go mbeadh an leabhar á shíorleamh, agus ansin é ag fáil bháis. Ina lár sin istigh tá laoi agus beannachtaí Mhaois (cc. 32, 33).

I gcorp an leabhair (cc. 4-30) tá dlí Dheotranaimí (cc. 12-26); gabhann dhá aitheasc ó Mhaois (4:1-40; 5:1–11:32) roimhe sin, agus dúnann sé (cc. 27-30) le beannachtaí agus mallachtaí agus orduithe ilghnéitheacha. Faoi mar a dúramar romhainn cuirtear an conradh i láthair de réir nósmhaireacht chonarthaí polaitiúla na linne – le hathchuimhniú, aitheasc, agus dúnadh ina mbeadh idir bheannachtaí agus mhallachtaí.

Is léir ar an gcéad ásc go dtugann leabhar Dheotranaimí údarás Mhaois do dhlíthe agus do dhearcadh a bhaineann le ré i bhfad níos déanaí ná é. Is fada ó thug criticí faoi deara go bhfuil a lán dá dhlíthe ar aon dul leis na leasuithe a chuir Ióisíá i bhfeidhm sa dara leath den seachtú haois roimh Chríost, go háirithe sa mhéid a bhaineann le lárnú an chultais agus dúnadh na sanctóirí eile go léir lasmuigh de Iarúsailéim. Ba é tuairim scoláirí áirithe gurb é Leabhar Dheotranaimí “leabhar an dlí” a fuair Hilcíá an t‑ardsagart sa Teampall. Aontaíonn gach scoláire go raibh dlúthbhaint aige leis, fág nach dócha gur ionann ar fad iad.

Dlí ársa is mó atá i gceist, cibé scéal é, go háirithe ó c. 21 ar aghaidh. Siad na codanna a chuireann leasú an chultais in iúl na codanna nua (go háirithe cc. 12-20) lena dteagasc faoi aon Dia, aon phobal, aon sanctóir. Dá réir sin níor mhór leasú a dhéanamh ar dhlíthe faoi mharú ainmhithe (12:15 et seqq.), deachúna (14:22 et seqq.), céadghinte (15:19 et seqq.), íobairtí Léivíteacha (18:1 et seqq.), tearmann do shagairt (17:2 et seqq.; 16:18 et seqq.; 19:15 et seqq.); dlíthe sóisialta. Tá cúlra ríocht an Tuaiscirt, roimh a titim in 721 R.Ch., le brath ar na seandlíthe; is léir gur in Iarúsailéim a cuireadh na breiseanna nua leo.

Maidir le haitheasc Mhaois, ina dhá chló, tá sé tugtha faoi deara ag na scoláirí go bhfuil dhá shnáth ann – agus go deimhin sa dúnadh chomh maith (cc. 27-30); úsáidtear an t‑ordaitheach uatha i gcás amháin (6:4–9:6; 10:12–11:1; 27:1–28:68) agus an t‑ordaitheach iolra sa chás eile (4:1–6:3; 9:7–10:11; 28:69–30:20). Is ársa an chéad snáth agus tá cineáltas agus cluthaire ar leith ag baint leis agus le Deotranaimí dá réir, a chuirfeadh Hóiseá agus Irimia i gcuimhne dúinn. Tá an “éist, a Iosrael” (Shema‘ Yisrael; 6:4 et seqq.) sa snáth seo: is aon é Dia, is leis an uile dhúil bheo, le barr cineáltais rinne sé a phobal féin d'Iosrael agus threoraigh sé as an Éigipt amach iad le hoidhreacht a bhronnadh orthu; ní foláir a bheith de shíor ag cuimhneamh air; ní foláir duit é a ghráú agus a sheirbhís a dhéanamh ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán. Beidh beannacht ar an té a dhéanfaidh amhlaidh agus mallacht ar an té nach ndéanfaidh.

Tá Deotranaimí ar leabhair mhóra an Bhíobla, lena bhéim ar ghrá Dé, ar an trócaire, ar an déirc, ar an gcomharsa, ar an trua agus an taise don té atá i ngátar. An data, 625 R.Ch., a luaitear leis, is geall le hancaire é lena bhféadfaí aois na dtraidisiún eile, JEP, a chinntiú i gcóimheas leis.

An Bíobla Naofa

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

More Info | Version Index