Foirm chuardtha

Geineasas 1

An Cruthú: An Chéad Insint

1I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh. 2Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n‑uiscí. 3Dúirt Dia: “Bíodh solas ann,” agus bhí an solas ann. 4Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas. 5Thug Dia “lá” ar an solas agus “oíche” ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin.

6Dúirt Dia: “Bíodh firmimint i lár na n‑uiscí agus scaradh sí na huiscí óna chéile.” 7Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh. 8Thug Dia “neamh” ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin.

9Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh. 10Agus thug Dia “tír” ar an talamh tirim, agus “farraigí” ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin.

11Dúirt Dia: “Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh. 12Thug an talamh an fásra uaidh: lusraí lena síol de réir a gcineáil, crainn toraidh lena síol ina dtoradh, de réir a gcineáil. Chonaic Dia gur mhaith sin. 13Ba shin an tríú lá, an nóin agus an mhaidin.

14Dúirt Dia: “Bíodh soilse i bhfirmimint neimhe chun an lá a scaradh ón oíche, agus bídís mar chomharthaí, do shéasúir, do laethe agus do bhlianta. 15Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.” Agus bhí sin amhlaidh. 16Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna. 17Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh, 18chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin. 19Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin.

20Dúirt Dia: “Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.” 21Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin. 22Bheannaigh Dia iad á rá: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire, agus líonaigí uiscí na bhfarraigí; agus téadh an éanlaith i líonmhaire ar talamh.” 23Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin.

24Dúirt Dia: “Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.” Agus bhí sin amhlaidh. 25Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin.

26Dúirt Dia: “Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.”

27Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin,

ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é.

Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.

28Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.” 29Dúirt Dia: “Féach! Thugas daoibh gach uile lus le síol dá bhfuil ar chlár na talún, agus gach uile chrann le síol ina dtoradh; iadsan a bheidh ina mbia agaibh. 30Mar bhia ag na hainmhithe allta go léir, ag éanlaith an aeir go léir, agus ag na péisteanna go léir a bhogann ar talamh tugaim glas gach fáis.” Agus bhí sin amhlaidh. 31Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.

An Bíobla Naofa

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

More Info | Version Index