Foirm chuardtha

Dainéil (Gr) 13

Aguisíní

Súsanna

1Bhí fear darbh ainm Ióicím ina chónaí sa Bhablóin. 2Bhí sé pósta le bean darbh ainm Súsanna, iníon Hilciá, bean rósciamhach ar a raibh eagla Dé, 3mar bhí a tuismitheoirí fíréanta agus bhí a n‑iníon oilte acu de réir dhlí Mhaois. 4Bhí Ióicím an-saibhir agus bhí gairdín fairsing aige in aice a thí agus thagadh na Giúdaigh ina sluaite chuige mar bhí meas air thar cách. 5An bhliain sin bhí beirt sheanóir den phobal ceaptha ina mbreithiúna. Ina dtaobh seo bhí ráite ag an Tiarna: “Sceith an t‑olc ón mBablóin amach ó sheanóirí breithiún a measadh a bhí ag rialú an phobail.” 6Ghnáthaíodh na daoine seo teach Ióicím agus cách a raibh cúis dlí aige, thagaidís chucu. 7Nuair a bhíodh na daoine bailithe leo um meán lae théadh Súsanna isteach i ngairdín a céile chun spaisteoireachta. 8D'fheiceadh an bheirt sheanóir í gach lá ag dul isteach agus ag spaisteoireacht agus chrom siad ar líonadh le hainmhian inti. 9Chlaon siad a n‑aigne agus d'iompaigh siad a súile chun nach mbreathnóidís suas chun na bhFlaitheas agus nár chuimhin leo éilimh na córa. 10Bhí siad araon cloíte le hainmhian inti, ach gan a gcruachás a insint dá chéile, 11mar go raibh náire orthu a saint chun luí léi a nochtadh. 12D'fhair siad go fonnmhar gach lá chun í a fheiceáil.

13Lá áirithe d'fhág siad slán ag a chéile ag rá: “Téimis abhaile, mar tá sé in am dinnéir,” 14agus nuair a chuaigh siad amach scar siad ó chéile. Ach d'fhill siad araon arís agus bhuail siad lena chéile. Nuair a d'fhiafraigh fear den fhear eile cad ina thaobh, d'admhaigh siad a n‑ainmhian. Ansin i dteannta a chéile shocraigh siad uair ar a bhfaighidís faill uirthi ina haonar.

15Lá eile agus iad ag faire ar a ndeis, chuaigh Súsanna isteach mar ba ghnáth léi, agus gan ach dhá ionailt léi agus b'áil léi fothragadh sa ghairdín mar bhí sé ina bhrothall. 16Ní raibh neach ar bith eile ann ach an bheirt sheanóir a bhí i bhfolach ag faire uirthi. 17Dúirt sí lena hionailtí: “Tugaigí chugam ola agus uinnimintí agus dúnaigí doirse an ghairdín go n‑ionlóidh mé mé féin.” 18Rinne siad mar a d'aithin sí agus dhún siad doirse an ghairdín agus chuaigh siad amach taobhdhoras ag iarraidh na nithe a d'ordaigh sí, gan na seanóirí a bhí i bhfolach a fheiceáil.

19Nuair a bhí na hionailtí imithe amach d'éirigh an bheirt sheanóir agus rith siad anonn chun Súsanna agus dúirt siad léi: 20“Féach, tá doirse an ghairdín dúnta; ní fheiceann aon duine sinn, agus táimid i ngrá leat! Géill dúinn agus luigh linn! 21Mura ndéana tú, tabharfaimid fianaise i d'aghaidh go raibh ógfhear farat agus gur dá bharr sin a sheol tú d'ionailtí uait.” 22Lig Súsanna osna aisti agus dúirt: “Táim sáinnithe ar gach taobh: má ghéillim, is bás dom é; mura ndéanaim níl dul as agam uaibhse. 23Ach is fearr liom titim gan choir in bhur lámha, ná peaca a dhéanamh os comhair an Tiarna.” 24Liúigh sí in ard a cinn is a gutha, agus ghlaoigh na seanóirí ina coinne, 25agus rith duine díobh agus d'oscail doirse an ghairdín. 26Nuair a chuala giollaí an tí an liúireach sa ghairdín, rith siad isteach an taobhdhoras chun a fheiceáil cad a tharla di. 27Nuair a bhí deireadh a scéil ráite ag na seanóirí, bhí na giollaí lán de náire mar nár dúradh a leithéid riamh i dtaobh Shúsanna.

28Lá arna mhárach, chruinnigh na daoine go teach Ióicím, a céile. Tháinig an bheirt sheanóir ann, an t‑olc ina gcroí acu, agus rún acu Súsanna a chur chun báis. 29Dúirt siad os comhair an phobail: “Cuirtear fios ar Shúsanna, iníon Hilciá, bean Ióicím!” Cuireadh fios uirthi. 30Tháinig sise agus a tuismitheoirí, a clann, agus a gaolta go léir, ina fochair. 31Bean lán de mhaise agus de scéimh ba ea Súsanna. 32Ós rud é go raibh fial uimpi, d'ordaigh na scraistí é a bhaint di chun a háilleacht a bhlas go smior. 33Bhí a muintir, agus a cairde, agus gach aon duine a chonaic í ag sileadh na ndeor. 34Sheas an bheirt sheanóir i lár an tslua agus leag siad a lámha ar a ceann. 35D'fhéach sise suas chun neimhe agus na deora lena súile, mar bhí muinín a croí aici as an Tiarna. 36Dúirt na seanóirí: “Nuair a bhíomar ag spaisteoireacht linn féin sa ghairdín, tháinig an bhean seo isteach agus beirt ionailt léi. Dhún sí doirse an ghairdín agus chuir sí na hionailtí chun siúil. 37Ansin tháinig ógfhear a bhí i bhfolach chuici agus luigh sé léi. 38Bhíomarna i gcúinne den ghairdín agus nuair a chonaiceamar an choirpeacht seo, ritheamar chucu; 39fuaireamar radharc soiléir orthu i mbarróg a chéile, ach níor fhéadamar breith ar an ógánach; bhí sé róláidir dúinn agus d'oscail sé na doirse agus theith leis. 40Rugamar uirthi seo, áfach, agus d'fhiafraíomar di cérbh é an t‑ógfhear, 41ach ní inseodh sí dúinn. Sin í agaibh ár bhfianaise.”

Chreid an slua iad mar gur de sheanóirí an phobail iad agus gur bhreithiúna iad; daoradh chun báis í. 42Ansin ghlaoigh Súsanna de ghuth ard: “A Dhia shíoraí, is léir duit na rúin, agus is eol duit gach ní sula dtagann sé chun críche; 43is maith is eol duit gur fianaise bhréige a thug siad siúd i m'aghaidh. Seo mé anois ag dul chun báis! cé nach ndearna mé aon cheann de na nithe seo a chuir siad i mo leith go bréagach mailíseach.”

44Thug an Tiarna cluas di. 45Nuair a bhí sí á seoladh amach chun báis, spreag Dia naomhspiorad macaoimh óig darb ainm Dainéil, 46agus ghlaoigh sé seo in ard a chinn: “Táimse neamhchiontach i bhfuil na mná seo!” 47D'iompaigh an slua uile ina threo agus dúirt siad: “Cad é seo a dúirt tú?” 48Sheas sé i lár an tslua, agus dúirt: “An bhfuil sibh chomh saonta sin, a chlann Iosrael? An bhfuil ógbhean de mhuintir Iosrael daortha agaibh gan cheistiú gan fianaise ar ar tharla? 49Filligí go láthair an bhreithiúnais mar is fianaise bhréige atá tugtha acu seo ina haghaidh!”

50Bhrostaigh na daoine uile ar ais agus dúirt na seanóirí le Dainéil: “Tar, suigh inár measc agus nocht dúinn do smaointe mar thug Dia an ceart sin duit.” 51Dúirt Dainéil leo: “Scartar iad seo i bhfad ó chéile agus ceisteoidh mise iad.” 52Nuair a bhí siad scartha ó chéile ghlaoigh sé chuige ar dhuine díobh agus dúirt leis: “A iarlais aosta an oilc, tá ag filleadh anuas sa mhullach ort na peacaí a rinne tú roimhe seo, 53nuair a thug tú breitheanna éagóracha ag daoradh na neamhchiontach agus ag scaoileadh na gciontach saor, cé go ndúirt an Tiarna: ‘Ná cuir chun báis an neamhchiontach ná an fíréan.’ 54Má chonaic tú í dáiríre, más ea, inis dom: Cén sort crainn a raibh siad faoi nuair a chonaic tú iad i mbarróg ina chéile?” D'fhreagair sé: “Faoi chrann maisteoige.” 55“Le fírinne,” arsa Dainéil, “tá d'éitheach tugtha agat le titim sa mhullach ort féin; tá breithiúnas Dé faighte uaidh cheana féin ag a aingeal agus scoiltfidh sé trí do lár thú.” 56Chuir sé é siúd i leataobh agus d'ordaigh sé an seanóir eile a thabhairt ina láthair. “A phór Chanán, agus ní Iúdá, mheall an scéimh thú agus thruailligh an ainmhian an croí agat. 57Is mar sin a dhéanadh sibh le hógmhná Iosrael agus d'aontaigh siad libh le corp eagla; ach, féach, nár fhéad ógbhean Iúdá cur suas le bhur mí-iompar! 58Inis dom, más ea: Cén sórt crainn a raibh siad faoi nuair a tháinig tú orthu agus iad i mbarróg ina chéile?” D'fhreagair sé: “Faoi chrann tuilm.” 59Dúirt Dainéil leis: “Le fírinne, tá d'éitheach tugtha agatsa freisin le titim sa mhullach ort féin: féach, tá aingeal Dé, agus a chlaíomh ina láimh aige, ag feitheamh chun tú a ghearradh trí do lár, agus deireadh a bheith libh araon.”

60Ansin liúigh an comhthionól uile go hard agus mhol siad Dia a shaorann gach n‑aon a chuireann a mhuinín ann. 61D'éirigh siad suas in aghaidh na beirte seanóirí a bhí daortha óna mbéal féin ag Dainéil toisc gur thug siad fianaise bhréige, 62agus chúitigh siad leo, de réir dhlí Mhaois, an íde éagórach a bheartaigh siad a dhéanamh ar a gcomharsa. Chuir siad an bheirt chun báis agus saoradh fuil neamhchiontach ón mbás an lá úd. 63Thug Hilciá agus a bhean buíochas do Dhia ar son a n‑iníne Súsanna - rud a rinne Ióicím, a céile, agus a gaolta uile chomh maith - toisc nach bhfuarthas aon chúis táire inti. 64Ón lá sin amach ba mhór é Dainéil i súile an phobail.

An Bíobla Naofa

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

More Info | Version Index